An Ungáiris

teanga Úgracha a labhraítear san Ungáir

Is í an Ungáiris (magyar nyelv) an ceann is líonmhaire cainteoirí dúchais de na teangacha Fionn-Úgracha, agus í á labhairt ag 14,5 milliún duine san Ungáir, sa tSlóvaic, san Úcráin, sa Rómáin, sa tSeirbia, sa tSlóivéin agus sa Chróit. Ceann de na teangacha Úgracha í, in éineacht leis an teanga Khanty agus an teanga Mansi, dhá theanga bheaga mionlaigh a labhraítear cois Abhainn Ob sa Rúis (na teangacha Ob-Úgracha, mar a thugtar orthu freisin).

Infotaula de llenguaAn Ungáiris
magyar nyelv agus magyar
Cineálteanga nádúrtha, teanga bheo, teanga agus speisialtacht
Úsáid
Cainteoirí dúchais12,600,000 (2019)
Dúchasach doBurgenland, an Ungáir, An Vóvaidín, Zakarpattia Oblast (en) Aistrigh, An Trasalváin, an tSlóvaic, an Ostair, Bacău County (en) Aistrigh, Alba County (en) Aistrigh, Bihor County (en) Aistrigh, Bistrița-Năsăud County (en) Aistrigh, Cluj, Covasna County (en) Aistrigh, Harghita County (en) Aistrigh, Neamț County (en) Aistrigh, Sibiu County (en) Aistrigh, Satu Mare County (en) Aistrigh, North Bačka District (en) Aistrigh, Central Banat District (en) Aistrigh, North Banat District (en) Aistrigh, South Bačka District (en) Aistrigh, Bratislava Region (en) Aistrigh, Banská Bystrica Region (en) Aistrigh, Košice Region (en) Aistrigh, Nitra Region (en) Aistrigh agus Trnava Region (en) Aistrigh
Stáitan Ungáir, an Rómáin, an tSlóvaic, an Úcráin, An tSeirbia, an Chróit, an Ostair agus an tSlóivéin
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Úralacha
Ugric (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaHungarian alphabet (en) Aistrigh, aibítir Laidineach agus Old Hungarian (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheHungarian Research Centre for Linguistics (en) Aistrigh
Staidéar agHungarian grammar (en) Aistrigh agus Hungarian-language studies (en) Aistrigh
Leibhéal leochaileachta1 sábháilte
Stairhistory of the Hungarian language (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1hu
ISO 639-2hun
ISO 639-3hun
Glottologhung1274
Linguasphere41-BAA-a
Ethnologuehun
ASCL3301
IETFhu

Is í an Fhionlainnis an dara teanga Fhinne-Úgrach is mó cainteoirí, ach ós rud é go mbaineann an dá theanga seo le craobhacha éagsúla an chrainn ghinealais, ní féidir leis an Úngarach adhmad ar bith a bhaint as caint an Fhionlannaigh, mura bhfuil an Fhionlainnis foghlamtha aige. Níor haithníodh an gaol idir na teangacha seo ach sa bhliain 1717, agus ina dhiaidh sin féin, bhí cuid mhaith de na huaisle Ungáracha an-doicheallach ag tabhairt aitheantais dó, ó ba náir leo a admháil go mbeadh aon bhaint acu le "muintir fhiáin na Laplainne". Is léir go raibh cúiseanna polaitiúla leis an gconspóid sin freisin.

Cé nach bhfuil sé éasca gaolmhaireacht na hUngáirise agus na Fionlainnise a aithint ar na focail, is féidir a thaispeáint go bhfuil eochairfhocail áirithe sa dá theanga cosúil le chéile. Seo cúpla sampla:

  • Ungáiris: fa, Fionlainnis: puu - crann
  • Ungáiris: fél, Fionlainnis: pelko - eagla
  • Ungáiris: fészek, Fionlainnis: pesä - nead
  • Ungáiris: könny, Fionlainnis: kyynel - deoir
  • Ungáiris: kéz, Fionlainnis: käsi - lámh
  • Ungáiris: hal, Fionlainnis: kala - iasc
  • Ungáiris: ház - teach, Fionlainnis: kota - bothán, bothóg
  • Ungáiris: szem, Fionlainnis: silmä - súil
  • Ungáiris: máj, Fionlainnis: maksa - ae, crua-ae

Tá gramadach an dá theanga bunaithe ar na prionsabail ghinearálta chéanna, is é sin, is teangacha táite iad - úsáideann siad a lán iarmhíreanna agus foirmeacha gramadúla éagsúla.

Stair na hUngáirise cuir in eagar

Is dócha gur thosaigh stair na hUngáirise mar theanga ar leith timpeall is míle bliain roimh bhreith Chríost. Bhí an-tionchar ag na teangacha Tuircice ar an Ungáiris go háirithe sa dara leath den chéad mhílaois i ndiaidh bhreith Chríost, agus tháinig lear mór focal isteach ó na teangacha sin, go háirithe téarmaí talmhaíochta agus riaracháin. Ina dhiaidh sin, áfach, tháinig na hUngáraigh i dteagmháil leis na Slavaigh, agus fuair siad cuid mhór focal ar iasacht uathu siúd freisin.

Breacadh an chéad téacs Ungáirise, Halotti beszéd és könyörgés ("Seanmóir Sochraide agus Urnaí"), síos i ndeireadh na dóú haoise déag. Cuireadh tuilleadh litríochta ar pár ón tríú haois déag i leith, agus sna 1430idí, haistríodh an Bíobla go hUngáiris. Bhí Ungáiris na laethanta sin sách difriúil leis an Ungáiris nua-aoiseach. Mar shampla, bhí cúig aimsir ag na briathra, nuair nach bhfuil ach dhá aimsir acu in Ungáiris an lae inniu.

Cuireadh an chéad leabhar clóbhuailte sa teanga i bprionta i gCracó, an Pholainn, sa bhliain 1533, agus b'é Benedek Komjáti a d'fhoilsigh í. Is éard a bhí sa leabhar ná leagan Ungáirise de litreacha Naomh Pól. Sa seachtú haois déag, bhí an teanga sách cosúil le hUngáiris an lae inniu, cé go raibh dhá aimsir chaite in úsáid i gcónaí. Thosaigh focail iasachta ón nGearmáinis, ón Iodáilis agus ón bhFraincis. Bhí an-tionchar ag an Laidin ar an stór focal freisin, toisc go raibh sí ina teanga oifigiúil riaracháin san Ungáir, agus í á labhairt sa tír go forleathan ag lucht an léinn agus ag an gcléir.

San ochtú haois déag, thosaigh na hintleachtóirí Ungáracha ag cur na teanga in úsáid léannta. Chronaigh siad uathu téarmaíocht cheart sa teanga, agus chrom siad ar í a fhorbairt mar ba chóir. Chuir siad le chéile focail nua chomhshuite, d'fhréamhaigh siad téarmaí trí iarmhíreanna a chur le focail sheanbhunaithe, agus shaibhrigh siad an teanga chaighdeánach le focail chanúnacha. Tháinig cuma nua ar fad ar an teanga liteartha de bharr an tsaothraithe seo - nyelvújítás, nó "leasú na teanga". Thairis sin, fuair an Ungáiris stádas oifigiúil san Ungáir sa bhliain 1844, in áit na Laidine.

Níor thaitin seo le cách san Ungáir féin, nó i ré na hOstaire-Ungáire, ba tír ilteangach í an Ungáir, agus ní raibh na Slóvacaigh, mar shampla, sásta le stádas oifigiúil na hUngáirise de rogha ar an Laidin. Bhí na Slóvacaigh féin díreach ag iarraidh a dteangasan a chaighdeánú agus a fhorbairt, agus iad den tuairim go raibh na hUngáraigh ag cur isteach ar na hiarrachtaí seo trína dteanga féin a bhrú anuas ar mhionlaigh eitneacha na tíre.

I gConradh Síochána Trianon i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, rinneadh deighilt ar an Ungáir, nuair a tháinig sraith de thíortha nua ar an bhfód san áit a raibh Impireacht na hOstaire agus na hUngáire. Sin é an tuige, go bunúsach, go bhfuil cónaí ar dhuine as gach triúr de na hUngáraigh eitneacha taobh amuigh den Ungáir.

Deighilt Gheografach na gCainteoirí cuir in eagar

Labhraítear an Ungáiris mar theanga dhúchais sna tíortha seo leanas:

Tír Cainteoirí Nótaí
An Ungáir 9,896,333 (2011)[1]
an Rómáin
(Go háraithe an Trasalváin)
1,268,444 (2011)[2]
an tSlóvaic[3] 458 467 (2011)[4]
an tSeirbia
(Go háraithe Vóvaidín)
293,299 (2002)[5]
an Úcráin
(Go háraithe Zakarpattia)
149,400 (2001)[6]
S.A.M. 94,070 (2010)[7]
Ceanada 67,920 (2010)[8]
Iosrael 70,000
an Ostair
(Go háraithe Burgenland)
22,000
an Chróit 16,500
an tSlóivéin
(Prekmurje go háraithe)
9,240
Iomlán 12-13 milliún

Stádas Oifigiúil agus Canúintí cuir in eagar

Inniu, tá stádas oifigiúil ag an Ungáiris san Ungáir féin, agus í ar an t-aon teanga amháin, a bheag nó a mhór, a labhraítear ansin. Thairis sin, tá stádas oifigiúil réigiúnach aici sa tSeirbia (sa Vóvaidín) in éineacht leis an tSeirbis, an tSlóvaicis, an Rómáinis, an Chróitis agus an teanga Rusyn; i Hodoš, Dobrovnik (nach ionann é agus Dubrovnik sa Chróit!) agus Lendava sa tSlóivéin; agus in áiteanna sa tSlóvaic, sa Rómáin, agus san Úcráin. Sa tSlóvaic agus sa Rómáin, tá stádas oifigiúil aici i ngach ceantar agus i ngach cathair ina bhfuil sí ó dhúchas ag níos mó ná fiche faoin gcéad den daonra áitiúil.

Bíonn canúintí na hUngáirise, idir na canúintí sa tír dhúchais féin agus na cinn a labhraítear ina timpeall, an-chosúil le chéile, go háirithe ó chuaigh leasú agus caighdeánú na teanga i bhfeidhm orthu i rith an chúpla aois is deireanaí. Is í an chanúint is difriúla leis an gcuid eile acu ná an chanúint Csángó. Dream eitneach ar leith iad na Csángó a bhfuil cónaí orthu i gcontae Bacău in Oirthear na Rómáine agus ar a taobh thoir de theorainn na Moldóive agus na Rómáine. An cineál Ungáirise a labhraíonn siad, tá sí scoilte ó na canúintí Ungáirise eile, agus níor imir leasú na teanga a thionchar uirthi. Mar sin, tá sí níos cosúla le hUngáiris na Meánaoiseanna ná le hUngáiris chaighdeánach an lae inniu.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hungarian census 2011 / Országos adatok / 1.1.4.2. A népesség nyelvismeret és nemek szerint (population by spoken language), 1.1.6.1 A népesség anyanyelv, nemzetiség és nemek szerint (population by mother tongue and ethnicity) (Hungarian)
  2. "Romanian census 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-25. Dáta rochtana: 2015-03-28.
  3. This number is a lower estimate, as 382,493 people (7.0% of the total population) did not specify their mother tongue.
  4. "Slovak census 2011". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-11-14. Dáta rochtana: 2015-03-28.
  5. Serbian census 2002[nasc briste go buan]
  6. "Ukrainian census 2001". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-11-01. Dáta rochtana: 2015-03-28.
  7. "United States census 2000". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-12. Dáta rochtana: 2015-03-28.
  8. "Canadian census 2001". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-02-13. Dáta rochtana: 2015-03-28.