An Vóvaidín
Cúige sa tSeirbia is ea an Vóvaidín[1] (Seirbis: Војводина nó Vojvodina). Is é an cúige is líonmhaire teangacha sa tSeirbia, mar anuas ar an tSeirbis féin, tá an Ungáiris, an tSlóvaicis, an Rómáinis, an Chróitis, agus an Rúisínis Phanónach oifigiúil sa chúige. Cúige féinrialaitheach atá ann.
An Vóvaidín | |||||
---|---|---|---|---|---|
Vajdaság Autonóm Tartomány (hu) | |||||
Ainmnithe in ómós | voivodeship (en) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an tSeirbia | ||||
Príomhchathair | Novi Sad | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,740,230 (2022) | ||||
• Dlús | 80.91 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an tSeirbis an Ungáiris an tSlóvaicis an Rómáinis an Chróitis an Rúiséinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 21,507.3 km² | ||||
Airde | 99 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Socialist Autonomous Province of Vojvodina (en) | ||||
Cruthú | 31 Iúil 1944: (Socialist Autonomous Province of Vojvodina (en) ) 28 Meán Fómhair 1990 | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Dinar na Seirbia | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .срб agus .rs | ||||
Cód ISO 3166-2 | RS-VO, YU-VO agus CS-VO |
Is í Novi Sad príomhchathair an chúige, agus is í Subotica an dara cathair is tábhachtaí.
Is é is brí le hainm an chúige ná "vóvadacht". Focal is ea "vóvad" (vojvoda, wojewoda agus araile) a chiallaíonn, ó thús, ceannaire na sluaite armtha sna teangacha Slavacha, ach i rith na gcéadta bliain fuair sé cialla éagsúla sna teangacha difriúla. Mar sin, is ceantar í an Vóvaidín a raibh taoiseach den chineál seo i gceannas air i dtús.
Daoine cáiliúla ón Vóvaidín ab ea Danilo Kiš (scríbhneoir) agus Mileva Marić (fisiceoir a bhí pósta ar Albert Einstein tráth).
Teangacha
cuir in eagarLíon cainteoirí | % | |
Seirbis | 1,557,020 | 76.63 |
Ungáiris | 284,205 | 13.99 |
Slóvaicis | 55,065 | 2.71 |
Rómáinis | 29,512 | 1.45 |
Romainis | 21,939 | 1.08 |
Cróitis | 21,053 | 1.04 |
Rúiséinis | 11,154 | 0.57 |
Macadóinis | 4,152 | n/a |
Albáinis | 2,369 | n/a |
Bulgáiris | 920 | n/a |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““an Vóvaidín” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-04.
Is síol faoi thíreolaíocht Seirbia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |