Scríbhneoir Iúgslavach ab ea Danilo Kiš a rugadh i Subotica (i gcúige na Danóibe nó Dunavska Banovina i Ríocht na hIúgslaive san am sin; i réigiún féinrialaitheach na Vóvaidíne sa tSeirbia inniu) ar an 22 Feabhra 1935 agus a fuair bás i bPáras ar an 15 Deireadh Fómhair 1989. Giúdach Ungárach a bhí ina athair Eduard Kiš (nó Ede Kis, as Ungáiris), agus b'as Montainéagró dá mháthair, Milica Dragićević. D'fhoghlaim sé idir Ungáiris agus Seirbea-Chróitis óna thuismitheoirí, agus scríobh sé cúpla dán as Ungáiris nuair a bhí sé ina pháiste, ach is trí Sheirbea-Chróitis a rinne sé saothar a shaoil.

Infotaula de personaDanilo Kiš

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Feabhra 1935
Subotica (Ríocht na hIúgsláive)
Bás15 Deireadh Fómhair 1989
54 bliana d'aois
10ú arrondissement Pháras (an Fhrainc)
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse scamhóg)
Áit adhlacthaAlley of Distinguished Citizens (en) Aistrigh, Tree-lined path of Giants, conh XI Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síUniversity of Belgrade Faculty of Philology (en) Aistrigh - comparative literature (en) Aistrigh (–1958) Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheSubotica
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Páras
Lille
Strasbourg Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfile, úrscéalaí, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1962 –
FostóirOllscoil Lille
Ollscoil Strasbourg Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn tSeirbis, an Ungáiris, an Fhraincis agus an Rúisis
Teaghlach
CéileMirjana Miočinović Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinkis.org.rs Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0457101 Find a Grave: 8325417 Cuir in eagar ar Wikidata

Cailleadh a athair i gcampaí báis na nGearmánach le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus sa deireadh, chuaigh iarsmaí an teaghlaigh go dtí an Ungáir ar lorg dídine. D'fhill siad go dtí an Iúgslaiv i ndiaidh an chogaidh. Shocraigh Danilo síos i Cetinje, Montainéagró, in éineacht lena mháthair agus lena dheirfiúr, agus chríochnaigh sé an mheánscoil ansin sa bhliain 1954. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, bhain sé amach céim ollscoile sa Litríocht Chomparáideach in Ollscoil Bhéalgrád. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag obair don iris Vidici go dtí an bhliain 1960. Sa bhliain 1962, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal, mar atá, Mansarda (a haistríodh go Béarla faoin teideal The Garret, is é sin, "An Gairéad") agus Psalam 44 ("Sailm a 44"). Sa bhliain 1973, bronnadh duais na hirise seachtainiúla NIN ar Kiš - ceann de na duaiseanna litríochta ba thábhachtaí sa tSeirbia inniu féin - as an úrscéal Peščanik ("Orláiste") a d'fhoilsigh sé sa bhliain roimhe sin, ach thug sé an duais ar ais ar chúiseanna polaitiúla.

Sna blianta ina dhiaidh sin, bronnadh a lán duaiseanna litríochta ar Kiš, agus shocraigh sé síos i bPáras, áit ar chaith sé tréimhse dheireanach a shaoil. Bhí sé pósta ar Mirjana Miočinović sna blianta 1962-1981. Ina dhiaidh sin, bhí sé in aontíos le Pascale Delpech i bPáras go lá a bháis.

Ailse na scamhóg ba trúig báis don scríbhneoir bhisiúil seo, nó bhí sé trom go leor ar an tobac. Bhí sé i mbarr a chlú liteartha lá a bháis, agus an chuma ar an scéal go mbronnfaí duais Duais Nobel na Litríochta air, murach an bás anabaí.

Saothar cuir in eagar

  • Mansarda: satirična poema, 1962 (úrscéal) (aistrithe go Béarla faoin teideal "The Garret")
  • Psalam 44, 1962 (úrscéal)
  • Bašta, pepeo, 1965 (úrscéal) (teideal an aistriúcháin Bhéarla: "Garden, Ashes'")
  • Rani jadi: za decu i osetljive, 1970 (bailiúchán gearrscéalta) (aistrithe go Béarla faoin teideal "Early Sorrows - For Children and Sensitive Readers")
  • Peščanik, 1972 (úrscéal) ("Orláiste")
  • Po-etika, 1972 (aiste. Imeartas focal is ea teideal an leabhair seo: poetika = ealaín na filíochta, etika = eitic, po = i ndiaidh)
  • Po-etika, knjiga druga, 1974 ("Po-etika, an dara cuid". Agallaimh.)
  • Grobnica za Borisa Davidoviča: sedam poglavlja jedne zajedničke povesti, 1976 (gearrscéalta) ("Tuama le haghaidh Boris Davidovich")
  • Čas anatomije, 1978 (úrscéal)
  • Noć i magla, 1983 (dráma)
  • Homo poeticus, 1983 (aistí agus agallaimh)
  • Enciklopedija mrtvih, 1983 (gearrscéalta) ("Ciclipéid na Marbh")
  • Gorki talog iskustva, 1990 (agallaimh)
  • Život, literatura, 1990 (agallaimh agus aistí)
  • Pesme i prepevi, 1992 (dánta)
  • Lauta i ožiljci, 1994 (gearrscéalta)
  • Skladište, 1995 (téacsaí)
  • Varia, 1995 (aistí, ailt agus gearrscéalta)
  • Pesme, Elektra, 1995 (filíocht agus leagan den dráma chlasaiceach úd Elektra)