Teanga Shlavach is ea an Rúisínis Phanónach (bačvan'ska ruska bešeda/бачваньска руска бешеда) a labhraítear in áiteanna sa Vóvaidín agus in oirthear na Cróite. Tá stádas oifigiúil aici sa Vóvaidín. Tháinig Rúisínigh na Vóvaidíne ó oirthear na Slóvaice san ochtú haois déag, agus cé go bhfuil an chuid is mó de na teangeolaithe barúlach gur teanga Shlavach Oirthearach atá ann, nó fiú canúint Úcráinise, bhí na canúintí Rúisíneacha go leor chomh mór faoi thionchar na Slóvaicise agus go bhfuil teangeolaithe easaontacha ann a cheapann go bhfuil siad níos cóngaraí don tSlaivis Iartharach (an tSlóvaicis agus an Pholainnis mar shampla). Na hiarrachtaí a rinneadh i dtíortha éagsúla leis an Rúisínis a chaighdeánú, áfach, tharla siad beag beann ar a chéile, agus ní féidir a rá go mbeadh comhtheanga scríofa ag na Rúisínigh go léir.

Infotaula de llenguaAn Rúisínis Phanónach
Cineálteanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais14,185 (2011)
Stáitan tSeirbia agus an Chróit
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Bailt-Slavacha
teangacha Slavacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaAibítir Choireallach
Cóid
ISO 639-3rsk
Glottologpann1240
Ethnologuersk
Linguist Listrue-par
IETFrsk

Maidir leis an Rúisínis Phanónach, fuair sí caighdeán scríofa i dtús na seachtóidí. Tá an caighdeán sin bunaithe go hiomlán ar chaint na ndaoine i sráidbhailte Rúisíneacha na Vóvaidíne. Úsáidtear an aibítir Choireallach, maille le cúpla litir bhreise atá le fáil in aibítir na hÚcráinise freisin (Ґ ґ, Ї ї, Є є), ach cé go bhfuil aibítir an dá theanga sách cosúil le chéile, ní hionann í.

Tá an Rúisínis Phanónach ó dhúchas ag fiche míle duine, agus is é Ruski Kerestur lárionad cultúrtha na Rúisíneach sa tSeirbia. Tá cónaí ar chúig mhíle duine i Ruski Kerestur, agus is Rúisínigh iad a bhformhór. Tá an teanga á staidéar agus á taighde in Ollscoil Novi Sad, agus freastalaíonn stáisiún raidió Novi Sad ar lucht labhartha na Rúisínise chomh maith leis na mionlaigh éagsúla eile sa Vóvaidín.

Tagairtí cuir in eagar