An Astráil

tír san Aigéine

Is tír í an Astráil atá le fáil idir an tAigéan Ciúin agus an tAigéan Indiach, agus í ar an oileán is mó ar domhan. Is é Anthony Albanese an Príomh-Aire faoi láthair.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Astráil
Australia (en) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas
Australia satellite plane.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnAdvance Australia Fair (19 Aibreán 1984) Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«So where the bloody hell are you? (en) Aistrigh» (2006-2008) Cuir in eagar ar Wikidata
Siombail oifigiúilAcacia pycnantha, Ópal agus glas Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósTerra Australis Incognita Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
AUS orthographic.svg Map
 28°S 137°E / 28°S 137°E / -28; 137

PríomhchathairCanberra Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán25,671,900 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3.34 hab./km²
Teanga oifigiúilan Béarla
Auslan (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deMIKTA (en) Aistrigh
Australia and New Zealand (en) Aistrigh
An Astraláise Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla7,692,024 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Tomhas4,000 km Cuir in eagar ar Wikidata (Amplada) × 3,860 km Cuir in eagar ar Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tAigéan Indiach, South Pacific Ocean (en) Aistrigh, Great Australian Bight (en) Aistrigh, Caolas Bass, Muir Tasman, Coral Sea (en) Aistrigh, Arafura Sea (en) Aistrigh agus Muir Thíomór Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMawson Peak (en) Aistrigh (2,745 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleLoch Eyre (−15 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1 Eanáir 1901
Eachtra barrthábhachtach
Saoire phoiblí
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaismonarcacht pharlaiminteach, monarcacht bhunreachtúil agus stát cónaidhme Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinAustralian Government (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParliament of Australia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• Monarc na hAstráile Cuir in eagar ar WikidataWilliam McKell (1947–1953) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na hAstráile Cuir in eagar ar WikidataAnthony Albanese (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeArd-Chúirt na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil in aghaidh an duine54,348.23 $ (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraDollar na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.au Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+61 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála000, 112 agus 106 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreAU Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinaustralia.gov.au Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig daoine chun cónaithe sa tír timpeall 40,000 bliain ó shin ar a laghad, sinsir na mBundúchasach atá anois ann. Chruthaigh siad a lán cultúr casta, agus tá a gcuid teangacha ar na cinn is ársa ar domhan. De réir a chéile rinneadh fásach de chuid mhaith den tír, cé go raibh an t-oirthear torthúil go maith i gcónaí.

Ar éigean a bhí eolas ag Eorpaigh ar an Astráil go dtí an seachtú haois déag. Ghlac an Captaen James Cook seilbh ar an tír in ainm na Breataine sa bhliain 1778, agus tugadh New South Wales ar an limistéar thoir mar a raibh an chéad choilíneacht. De réir a chéile bunaíodh coilíneachtaí eile timpeall na tíre, agus rinneadh aon tír amháin díobh, Comhlathas na hAstráile, sa bhliain 1901.

De bhunadh Shasanach agus Éireannach cuid mhór den daonra, ach pobal an-mheasctha atá ann anois, go háirithe sna cathracha, agus neart teangacha le cloisteáil, cé gurb é an Béarla an príomhtheanga[1]. Ba mhór an babhta ar na Bundúchasaigh teacht na nEorpach, agus fuair mórán acu bás de ghalracha agus den lámh láidir, ach tugtar aitheantas anois dá ndúchas.

Córas cónaidhme atá ann, sé stát agus dhá chríoch, agus cúpla oileán ina gcríocha spleácha. Tá timpeall os cionn 20 milliún duine sa tír, agus os cionn 70% de na daoine ina gcónaí i ndeich cinn de na cathracha. Is í an Bhanríon Eilís II ceann an Stáit go fóill, cé nach bhfuil sa Choróin ach comhartha stairiúil anois, agus súil ag mórán daoine go ndéanfar poblacht den Astráil feasta.

TíreolaíochtCuir in Eagar

Tá beagnach leath na hAstráile ina fásach agus tá cuid mhaith den fhuílleach neamhthorthúil. Tír ársa shíonchaite atá i gceist, agus ní maith an fód atá ar an gcuid is mó di. Ní raibh ach 15% den talamh oiriúnach don fheirmeoireacht nuair a tháinig na hEorpaigh i ndeireadh an 18ú haois, agus ní bheadh ach 10% insaothraithe anois. San Oirthear atá an talamh is méithe agus an méid uisce is mó, ach rinne na chéad fheirmeoirí díobháil mhór don timpeallacht. Anois, áfach, tá feirmeoirí na hAstráile an-oilte ar thairbhe a bhaint as a gcuid talaimh.

Bhíodh coillte móra in oirdheisceart na tíre, ach leagadh an chuid ba mhó díobh sa 19ú haois. Crainn eocalaipe (a dtugtar crainn ghuma orthu) an cineál is coitianta, agus iad ag cur go maith le tír thirim agus le tinte coille. In oirthuaisceart na tíre tá iarsmaí na gcoillte fearthainne. Meastar gur fhág modhanna cliste dóiteáin na mBundúchasach rian buan ar leagan amach agus ar nádúr na gcoillte.

Tá aird ag an bpobal agus ag na polaiteoirí araon ar chúrsaí comhshaoil anois, ach is cosúil go mbeidh an tír thíos go mór leis an téamh domhanda, agus a laghad sin uisce ann.

Na StáitCuir in Eagar

 
Stáit agus críocha na hAstráile
  1.   An Bhreatain Bheag Theas Nua, príomhchathair: Sydney
  2.   Queensland, príomhchathair: Brisbane
  3.   Deisceart na hAstráile, príomhchathair: Adelaide
  4.   An Tasmáin, príomhchathair: Hobart
  5.   Victoria, príomhchathair: Melbourne
  6.   An Astráil Iartharach, príomhchathair: Perth

Na Críocha IntíreCuir in Eagar

  1.   Críocha an Tuaiscirt, príomhchathair: Darwin
  2.   Críoch Phríomhchathair na hAstráile, príomhchathair: Canberra


Daonáirimh na hAstráile
Cuir in Eagar

 
Tá an chathair is mó san Astráil, Sydney, daonra de 4,667,283.
 
Melbourne, le daonra de 4,246,345 é, dara chathair is mó san Astráil.

De réir na mblianta a leanas:

Bliain Daonra
  An Coilíneachtaí Breataine na hAstráile
1828 36,598 (20,870 lonnaitheoir saor agus 15,728 daoránach)
1881 2,250,194
  Comhlathas na hAstráile
1901 3,773,801
1911 4,455,005
1921 5,435,700
1971 12,755,638
1976 13,548,450
1996 17,892,423
2001 18,972,350
2006 19,855,288
2014 23,703,848
  • Beirtear duine amháin gach dhá nóiméad:
  • Faigheann duine amháin bás gach trí nóiméad agus dó is tríocha soicind;
  • Tagann inimirceach nua gach dhá nóiméad agus cúig soicind;
  • Mar gheall air seo tá an daonra ag fás san Astráil de réir aon duine amháin gach dhá nóiméad is dhá shoicind déag. [2]

Flóra na hAstráileCuir in Eagar

 
Is é an caolach órga (Acacia pycnantha, "Golden Wattle" i mBéarla) bláth náisiúnta na hAstráile.

LeabhairCuir in Eagar

  • Denoon, Donald, et al. (2000). A History of Australia, New Zealand, and the Pacific. Oxford: Blackwell. ISBN 0-631-17962-3.
  • Hughes, Robert (1986). The Fatal Shore: The Epic of Australia's Founding. Knopf. ISBN 0-394-50668-5.
  • Macintyre, Stuart (2000). A Concise History of Australia. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-62359-6.
  • Powell JM (1988). An Historical Geography of Modern Australia: The Restive Fringe. Cambridge, U.K.: Cambridge University Press. ISBN 0-521-25619-4.
  • Robinson GM, Loughran RJ, and Tranter PJ (2000) Australia and New Zealand: economy, society and environment. London: Arnold; NY: OUP; 0-340-72033-6 páipéar 0-340-72032-8 crua).

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Níl Béarla bhfuil stádas dlíthiúil mar theanga oifigiúil sa Bunreacht.
  2. Australian Bureau of Statistics Population Clock 08.01.15


Comhlathas na Náisiún
  Antigua agus Barbúda  An Astráil

  Na Bahámaí  An Bhanglaidéis  Barbadós  An Bheilís  An Bhotsuáin  Brúiné  Camarún  Ceanada  An Chipir  Doiminice  Fidsí  Esuaitíní  Gána  Grenada  an Ghuáin  India  Iamáice  An Chéinia  Cireabaití  Leosóta  An Mhaláiv  An Mhalaeisia  Oileáin Mhaildíve  Málta  Oileán Mhuirís  Mósaimbíc  An Namaib  Nárú  Nua-Shéalainn  An Nigéir  An Phacastáin  Nua-Ghuine Phapua  Ruanda  San Críostóir-Nimheas  San Lucia  San Uinseann agus na Greanáidíní  Samó  Na Séiséil  Siarra Leon  Singeapór  Oileáin Sholamón  An Afraic Theas  Srí Lanca  An Tansáin  Tonga  Oileán na Tríonóide agus Tobága  Tuvalu  Uganda  Vanuatú  An tSaimbia