Ainmneacha Gaeilge Fhásra na hAstráile

Tá tréithe ar leith ag baint le fásra na hAstráile, mar atá le hainmhithe agus le héin na tíre. D'ainmnigh na Bundúchasaigh gach planda agus ainmhí sa tír ina gcuid teangacha féin, agus tháinig cuid de na hainmneacha sin isteach i gcaint na gcoilíneach a bhí ag cur fúthu san Astráil ó dheireadh an 18ú haois amach. Cumadh ainmneacha eile i mBéarla de réir mar ba ghá.

Ag seo cuid ainmneacha Gaeilge ar fhásra dúchasach na tíre, de réir mholtaí lucht Gaeilge na hAstráile.[1].

Crainn Ghuma cuir in eagar

 
Bláthanna an chrainn ghuma shneachtúil
Liosta gearr crann Astralách i nGaeilge agus i mBéarla
Ainm Gaeilge Ainm Béarla Comharthaí sóirt

crann guma dubh black gum Mórán crainn eocalaipe a bhfuil cuma scothdhorcha orthu.
crann guma dearg / abhantrachán red river gum Eucalyptus camaldulensis. Crann mór a fhásann ar bhruach na n-aibhneacha. Rúsc mín bán ar an gcuid is airde den chabhail. Adhmad dearg nó bándearg.
crann guma gorm blue gum Ainm a thugtar ar a lán crainnn eocalaipe a bhfuil a rúsc agus a gcuid duilleog i leith an ghoirm, go háirithe an crann gorm Tasmánach, Eucalyptus globulus, agus crann gorm Sydney, Eucalyptus saligna.
crann guma balaí bolly gum Litsea reticulata. Crann ard de chuid na gcoillte báistí. Le fáil in oirthuaisceart na hAstráile.
crann guma cabáisteach cabbage gum Eucalyptus amplifolia. Rúsc mín. Coitianta ar thalamh báite ar chósta New South Wales.
crann guma lasartha flame gum Eucalyptus ficifolia. Crann beag agus bláthanna glédhearga air. Le fáil in iarthar na hAstráile.
crann guma síofrúil ghost gum Eucalyptus papuana. Cabhail mhín bhán. Crann intíre.
crann guma liath crann guma liath A lán spéiceas d’Eucalyptus, go háirithe E. punctata in oirthear New South Wales, crann rúscliath ar minic baill scothdhearga nó bhánbhuí air.
crann guma iarainn iron gum Mórán speicis eocalaipe a bhfuil a gcuid adhmaid thar a bheith crua.
caraiseang fir4 kurrajong Brachychiton populneus. Coitianta in oirthear na hAstráile. Tugtar an t-ainm ar chrainn eile freisin, agus baint ag cuid mhaith acu leis na speicis Sterculiaceae and Malvaceae. Orthu sin tá Hibiscus heterophyllus, green kurrajong (caraiseang glas). Tagann an t-ainm ón bhfocal Dharug garajung nó dorú, uirlis a dhéantaí den rúsc.
crann guma líomóideach lemon-scented gum Eucalyptus citriodora. Crann ard caol. Boladh líomóideach ó na duilleoga. Le fáil in Queensland.
crann gum fiar (agus eile) messmate Roinnt crann den ghéineas Eucalyptus, go háirithe Eucalyptus obliqua, crann ard in oirdheisceart na hAstráile.
crann guma sléibhe mountain ash A lán spéiceas de chrainn eocalaipe a fhásann ar na sléibhte, ar nós Eucalyptus regnans.
pár-rúscach fir1 paperbark Spéicis éagsúla, go háirithe crainn tae den aicme Melaleuca. An rúsc ina shraitheanna tanaí, cuma coirc air agus é ag scamhadh in áiteanna.
crann guma miontais peppermint gum Eucalyptus nicholii. Crann beag cuanna. Craobhacha silte, duilleoga dúghlasa, bláthanna bánbhuí.
crann guma sneachtúil snow gum A lán spéiceas a fhásann ar na hardáin, go háirithe E. pauciflora .
crann guma breac spotted gum Eucalyptus maculata. Crann ard agus rúsc sleamhain breac air. É le fáil i bhforaoisí i gceantair chósta oirthear na hAstráile.
crann guma leadhbach / leadhbachán stringybark Roinnt spéiceas a bhfuil rúsc righin cnámhógach orthu, ar nós Eucalyptus macrorhyncha.
crann guma réisc swamp gum (flooded gum) Eucalyptus grandis. Crann ard. Duilleoga dúghlasa slíoctha air agus coirt phúdarach bhán. Bláthanna glasbhána. Le fáil i New South Wales agus in oirdheisceart Queensland. Lé aige le riasca agus sruthanna.

Crainn Acaicia agus eile cuir in eagar

 
Acacia dealbata, caolachán geal-liath
Liosta gearr crainn aicaicia agus eile i nGaeilge agus i mBéarla
Ainm Gaeilge1 Ainm Béarla Comharthaí sóirt

caolachán dubh black wattle (1) Acacia mearnsii, crann beag in oirthear na hAstráile. Bláthanna bánbhuí. Tainin le fáil ón rúsc. (2) Callicoma serratifolia, tor ard atá le fáil in altáin fhothainiúla ar chósta New South Wales.
caolachán céadrais cedar wattle Acacia elata, crann atá le fáil in altáin fhothainiúla sléibhe in oirthear na hAstráile. Bláthanna bánbhuí.
caolachán cainéil cinnamon wattle Acacia leprosa. Bláthanna gealbhuí agus cumhra cainéil uathu. In New South Wales agus i Victoria ó dhúchas.
caolachán Cootamundra Cootamundra wattle Acacia baileyana, crann beag álainn atá le fáil i gceantar beag de New South Wales ó dhúchas. Duilleoga geal-liatha. Braislí bláthanna buí.
caolachán círíneach crested wattle Albizia lophantha, crann beag atá le fáil ó dhúchas san Astráil Thiar.
caolachán órga golden wattle (1) Acacia pycnantha, crann leathanduilleach. Bláthanna buí. Guma agus tainin le fáil as. (2) Aon acaicia atá cosúil leis, go háirithe A. longifolia, caolachán órga Sydney.
caolachán glas green wattle Spéicis éagsúla a bhfuil duilleoga caola orthu, go háirithe A. decurrens.
caolachán geal-liath Queensland Queensland silver wattle Acacia podalyriifolia, crann beag álainn. Duilleoga geal-liatha agus bláthanna glébhuí.
caolachán geal-liath silver wattle Acacia dealbata, crann beag atá le fáil ó dhúchas in oirdheisceart na hAstráile. Duilleoga measartha geal-liath.
caolachán gréine dunshine wattle Acacia botrycephala, tor atá le fáil in oirdheisceart na hAstráile. Bláthaíonn sé go tiubh san Earrach.
caolachán órga Sydney Sydney golden wattle Acacia longifolia, tor a fhásann in ithir ghaineamhach in oirthear na hAstráile. Bláthaíonn sé go tiubh san Earrach.
1 Baineann an t-ainm Béarla “wattle” le craobhacha caola na gcrann seo, craobhacha atá an-oiriúnach don chaoladóireacht (“wattling”).

Féar cuir in eagar

 
Cangarú ag ithe féir.
Liosta gearr féar Astralách i nGaeilge agus i mBéarla
Gaeilge1 Ainm Béarla Comharthaí sóirt

féar dosach / dosachán díreach barbwire grass Cymbopogon refractus. Ilbhliantóg dhíreach dhosach.
féar colgach beard grass Féir éagsúla dhosacha den ghéineas Chrysopogon i dtuaisceart lár na hAstráile. Thairis sin de, féar spící colgacha bláthanna, Polypogon monspeliensis, agus é le fáil i riasca cois farraige.
féar ribeach / ribeachán blady grass Imperata cylindrica. Féar garbh duilleach. Le fáil cois farraige in oirthear agus i dtuaisceart na hAstráile.
féar cnaipí button grass Féar bliantúil den ghéineas Dactyloctenium, go háirithe an féar dúchasach Dactyloctenium radulans, a bhfuil a chuid síolta cruinnithe ina gcnaipí. Ina theannta sin, cíob Thasmánach:

Gymnoschoenus sphaerocephalus.

féar murlaigh cane grass Eragrostis australasica. Ilbhliantóg ard righin atá le fáil i riasca agus i murlaigh i dtuaisceart na hAstráile.
féar caisirníneach corkscrew grass Spéiceas de Stipa . Coilg fhada chaisirníneacha air.
féar sí fairy / yakka grass Sporobolus caroli. Ilbhliantóg sheang dhosach a spréann a chuid síolta. Bun duilleach aige go minic. Spícíní liatha bailithe ar ghais mhíne. Le fáil ar fud na tíre.
féar Flinders Flinders grass Sporobolus caroli. Ilbhliantóg sheang dhosach a spréann a chuid síolta. Bun duilleach aige go minic. Spícíní liatha bailithe ar ghais mhíne. Le fáil ar fud na tíre.
féar cangarú kangaroo grass Themeda australis. Féar ard an-choiteann. A lán saghsanna ann ar cosúil le chéile iad.
féar ceirisín kerosene grass, kerosine grass A lán ilbhliantóga gearrsholacha den ghéineas Aristida, go háirithe féar cruinnithe ceirisín, A. contorta. Gais chasta air siúd in éineacht le trí cholg. É gann i nduilleoga. Le fáil in ithreacha gaineamhacha i gceantair thirime.
féar an Mhistéalaigh Mitchell grass Féar den ghéineas Astrebla atá go maith chun triomach a sheasamh. Coitianta ar mhachairí iartharacha Queensland agus New South Wales. Clúdach crua ar an síol. Tábhacht leis an síol mar bhia Bundúchasach.
féar malga mulga grass Saghsanna éagsúla féar den spéiceas Neurachne, iad beag agus triomachdhíonach. Iad le fáil go forleathan i gceantair mhalga.
féar síorghlas neverfail grass Eragrostis setifolia. Spéicis éagsúla a bhíonn glas i gcónaí go fiú i rith an triomaigh is faide. Gais thanaí aige, agus duilleoga atá guaireach ar an éadan uachtarach.
féar machaire plains grass Ainm ginearálta, agus féar rinnghéar (féach thíos) san áireamh: Stipa aristiglumis. É le fáil go forleathan in oirthear na hAstráile.
féar deilgneach porcupine grass Spéicis den ghéineas Triodia , féir thomógacha a bhfuil duilleoga deilgneacha orthu. Iad le fáil i lár na tíre.
broimfhéar gorm Queensland blue couch / blue grass Digitaria didactyla. Duilliúr glasghorm.
féar gráin shot grass Paspalidium globoideum. Ilbhliantóg chrua atá coitianta in iarthuaisceart New South Wales. Síolta beaga cruinne.
féar leadán small burr grass Tragus australianus. Ilbhliantóg agus leadáin bheaga uirthi. Le fáil i lár na tíre.
féar rinnghéar spear grass Féar triomachdhíonach den ghéineas Stipa. Duilleoga caola, coilg chasta. Síolta géara ar dhealramh sleá. Saghsanna eile: dhá ilbhliantóg den ghéineas Heteropogon i dtuaisceart na hAstráile.
féar valbaí wallaby grass Ilbhliantóga crua éagsúla den ghéineas Danthonia. Iad ag fás ina dtomóga, agus spícíní bánbhuí orthu de ghnáth. Iad coitianta sa deisceart.
féar cruithneachta wheat grass Féir éagsúla den ghéineas Agropyron. Iad ar dhealramh na cruithneachta.
féar muileann gaoithe windmill grass Chloris truncata. Spéiceas samhraidh atá coitianta sna ceantair is tirime de New South Wales. Na síolta ina ngathanna ar an ngas.
1 Uaireanta tá foirmeacha roghnacha ann.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Breis eolais ar fáil ó shuíomh Iora Rua: http://www.iorarua.com Curtha i gcartlann 2010-01-13 ar an Wayback Machine.

Naisc cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar