Foirm nádúrtha silice (SiO2) dímhorfaí (neamhchriostalta) a mbíonn roinnt uisce inti. Cruthaítear é ag teocht réasúnta íseal i dtuaslagáin de chomhábhair dhoigheartha, fortháite le silice. Bán de ghnáth, agus bíonn speictream sainiúil dathanna le feiscint ar dhromchla na seoide. Na samplaí is fearr ón Astráil.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |