Speictream
An raon tonnfhad a tháirgtear nuair a anailísítear aon radaíocht leictreamaighnéadach. Mar shampla, nuair a théann solas na Gréine trí phriosma gloine, faightear banda dathanna — dearg, flannbhuí, buí, glas, gorm, vialait — ag teacht amach ón taobh eile. Tá na tonnfhaid is mó agus na minicíochtaí is lú ag an dearg, na tonnfhaid is lú agus na minicíochtaí is mó ag an vialait. Newton a chonaic den chéad uair speictream sholas na Gréine a léiríonn an priosma. Inniu anailísítear raon iomlán an fhuinnimh leictreamaighnéadaigh, agus ní amháin an raon teoranta infheicthe, le hionstraimí éagsúla, brathadóirí teasa, grianghrafadóireacht, speictreascóip is a lán eile.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Speictream". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 617.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin optaic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |