Caolas Bass
Caolas a scarann an Tasmáin agus mór-roinn na hAstráile is ea Caolas Bass (fuaimniú: /ˈbæs/). Is í Victoria an stát ar an taobh thuaidh den chaolas.
(en) Bass Strait | |||||
Cineál | Caolas | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | George Bass | ||||
Suíomh | |||||
Tír abhantraí | an Astráil | ||||
Limistéar riaracháin | Tasmáin, Astráil agus Victoria, Astráil | ||||
| |||||
Stair
cuir in eagarTháinig an chéad Eorpach ar an Chaolas nuair a sheol George Bass agus Matthew Flinders tríd sa bhád Norfolk sna blianta 1798-99. Mhol Flinders don ghobharnóir John Hunter gur cheart dó ‘Basses Strait’ a thabhairt ar an chaolas. Aistríodh an t-ainm go ‘Bass Strait’ níos déanaí.
An Caolas
cuir in eagarTá an caolas thart ar 240 km ar leithead ag an bpointe is caoile. Cuimsíonn sé a lán oileán, agus tá daoine ina gcónaí ar Oileáin King agus Flinders. Cailleadh mórán long sa chaolas le linn na naoú haoise déag, mar gheall ar an mhuir gharbh. Tógadh teach solais ar Oileán Dean sa bhliain 1848 san oirthear, ag Rinn Otway sa bhliain chéanna san iarthar, agus ar Oileán King sa bhliain 1861.
Oileáin
cuir in eagarTá níos mó ná 50 oileán i gCaolas Bass, a chuimsíonn:
An t-Iarthar:
- Oileán King
- Oileán Three Hummock
- Oileán Hunter
- Oileán Robbins
An t-Oirthear:
- Oileán Flinders
- Oileán Cape Barren
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |