Osclóidh seo an príomhroghchlár

Marascal machaire Briotanach, státaire, agus taidhleoir ab ea Horatio Herbert Kitchener, an Chéad Iarla Kitchener (24 Meitheamh 18505 Meitheamh 1916).

Rugadh Kitchener sa bhliain 1850 i mBaile Longphoirt (Ballylongford), i gContae Chiarraí, mac leis an Lt. Col. Henry Horatio Kitchener (1805-1894) agus le Frances Anne Chevallier-Cole. Sasanaigh ab ea iad a cheannaigh talamh in Éireann tamall beag roimhe sin.

Horatio Kitchener

Bhí Kitchener i dtuaisceart na Súdáine sa bhliain 1884 nuair a chuir arm an Mahdí Cartúm faoi léigear. Bhí Charles Gordon, oifigeach Sasanach, i gceannas ar fhórsaí na cathrach. Bhí ar Kitchener cumarsáid a choiméad oscailte le Cartúm go dtí go sroicheadh arm Briotánach an chathair chun deireadh a chuir leis an léigear. Níor éirigh leo an chathair a shroicheadh in am, áfach. Ar deireadh, ar an 26ú lá d'Eanáir 1885, d'éirigh le harm an Mahdí an lámh in uachtair a bhaint amach. Maraíodh Gordon i dteach an ghobharnóra, agus baineadh a chloigeann dá chorp le taispeáint don Mhahdí go raibh sé marbh.

Blianta ina dhiaidh sin cuireadh Kitchener i gceannas ar arm Briotánach-Éigipteach a rinneadh ionsaí ar an tSúdáin. D'éirigh leis deireadh a chur le rialtas an Mahdí i gCath Omdurman ar an dara lá de Mheán Fómhair 1898. Bhí sé ina ghobharnóir ar an tSúdáin go dtí mí na Nollag 1899, nuair a chuaigh sé go dtí an Afraic Theas. Bhí Kitchener ina ghinearál in Dara Cogadh na mBórach (1899–1902).