Dara Cogadh na mBórach

B'é Dara Cogadh na mBórach (nó an Dara Cogadh Angla-Bórach[1]) an cogadh a chuir an Bhreatain Mhór ar na Bóraigh, ó 11 Deireadh Fómhair 1899 go dtí an 31 Bealtaine 1902.[2] Bhí Paul Kruger ina uachtarán ar an Transvaal ag an am, ceann de na ceantair a bhí ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na Breataine ansiúd.[3]

WD Bosca Sonraí Coinbhleacht MhíleataDara Cogadh na mBórach
stair mhíleata na hAfraice Theas
The Second Anglo - Boer War, South Africa 1899 - 1902 Q82943.jpg
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál cogadh
Dáta Deireadh Fómhair 11, 1899 (Iúlach) –  Bealtaine 31, 1902
Áit An Afraic Theas
Rannpháirtithe Impireacht na Breataine, An Saorstát Oráisteach, Poblacht na hAfraice Theas, Robert Gascoyne-Cecil, Joseph Chamberlain, Alfred Milner, Frederick Roberts, Redvers Buller, Paul Kruger, Louis Botha, Schalk Willem Burger (en) Aistrigh, Koos de la Rey, Martinus Theunis Steyn (en) Aistrigh, Christiaan de Wet (en) Aistrigh, Piet Cronjé, Piet Joubert, Ceanada, Réimeas Briotanach, Coilíneacht na Nua-Shéalainne, An Astráil agus An tSiolóin Bhriotanach

Bhí dhá phoblacht neamhspleách ag na Bóraigh, mar atá, an Saorstát Oráisteach agus Poblacht Transvaal (Poblacht na hAfraice Theas) a bhí mar naimhde ag an Impireacht Bhriotanach. I ndiaidh cath fada faidréiseach a chur ar na Sasanaigh, chaill na poblachtaí seo an cogadh, agus rinneadh cuid den Impireacht díobh.

Ba le linn an Dara Cogadh Angla-Bórach a throid Arm na Breataine an cath ba mhó ó aimsir an Chogaidh Chriméigh sna 1850idí, Cath Colenso sa bhliain 1899 agus Éireannaigh go leor ar an dhá thaobh.[4]

Cúlra an ChogaidhCuir in Eagar

Nuair a thángthas ar ór in Transvaal, thonn na mílte de Shasanaigh isteach thar an teorainn ó Choilíneacht na Rinne. D'fhás cathair Johannesburg as an talamh thar oíche, agus na huitlanders (na strainséirí), mar a thugadh na Bóraigh orthu ina dteanga féin, ag socrú síos in aice le foinsí an óir.

I ndiaidh tamaill, fuair na Bóraigh iad féin ina mionlach i gcroílár a bpoblachta féin. Ní raibh siad sásta leis an bhforbairt seo, agus le deachú na lonnaitheoireachta a ghearradh de na huitlanders, d'éiligh siad cánacha arda ar thionsclaíocht an óir. Mar sin, thosaigh na huitlanders ag lorg cabhrach ón rialtas Briotanach, agus iad den tuairim gur chóir poblacht Transvaal a chur de dhroim an tsaoil.

Sa bhliain 1895, bhain Cecil Rhodes triail as, agus é ag maoiniú coup d'état i bpoblacht Transvaal. Theip ar an iarracht seo, áfach, siúd is go raibh fórsa armtha mar chúltaca léi.

 
Mafikeng, 1899

Ghlac na Bóraigh leis an iarracht sin - "Ruathar Jameson", ainmnithe as Leander Starr Jameson - mar thús le cogadh. Thosaigh Paul Kruger (Uachtarán an tSaorstáit Oráistigh) agus Martinus Theunis Steyn ag déanamh téisclime don chogadh sin, nó i dtús na bliana 1896, d'ordaigh siad raidhfilí Mauser le haghaidh a n-airm.

San am céanna, bhí Impireacht na Breataine go léir ag dul chun cogúlachta, agus ceannairí na gcoilíneachtaí go léir ag éileamh go nascghabhfaí na poblachtaí neamhspleácha Bóracha.

Chuaigh Gobharnóir Choilíneacht na Rinne, Sior Alfred Milner, i ndáil chomhairle leis an mbeirt Uachtarán Bórach i mBloemfontein i ndeireadh Mhí Bealtaine 1899. Bhí Paul Kruger sásta a lán a ghéilleadh do na Sasanaigh leis an gcogadh a sheachaint, ach ní raibh gar ann. Tháinig deireadh leis na comhchainteanna go gasta.

 
bhí an-chuid taismeach ag an arm Briotanach, Spionkoop 1900

I Mí Mheán Fómhair, chuir Joseph Chamberlain, Rúnaí Coilíneach na Breataine Móire (is é sin, an t-aire rialtais a bhí freagrach as cúrsaí na gcoilíneachtaí) fógra deiridh chuig na hUachtaráin ag éileamh cearta iomlána saoránachta do na Briotanaigh i bPoblacht Transvaal.

Tuigeadh do Kruger nach seachnófaí an cogadh a thuilleadh. Thug sé an foláireamh deiridh do Chamberlain ina ndúirt sé go mbeadh dhá lá ag an mBreatain Mhór a cuid trúpaí a tharraingt siar ó theorainneacha Phoblacht Transvaal,. Mura dtarraingeodh, rachadh an dá phoblacht Bhóracha chun cogaidh.

 
1st Battalion, Royal Munster Fusiliers, 1901.
 
Sergeant Charles Delaney, 1st Battalion, Royal Irish Fusiliers; d'éag Waterval ar 31 Márta 1900

Níor ghlac na Sasanaigh an fógra deiridh seo i ndáiríre ar aon nós. Cúis gháire dóibh a bhí ann. Bhí siad inbharúla go raibh na Bóraigh ag síleadh an dúrud díobh féin, agus iad ag bagairt ar an impireacht ba mhó ar an domhan, an dá phoblacht bheaga acu. Maidir leis an bhfreagra, áfach, bhí na nuachtáin Shasanacha agus na polaiteoirí ar aon fhocal: má bhí an cogadh ag teastáil chomh géar sin ó na Bóraigh, bhuel, ní dhiúltódh an Impireacht faoina mian iad.

Tús an Chogaidh: na Bóraigh ar an ionsaí (Deireadh Fómhair go Mí na Nollag 1899)Cuir in Eagar

 
Buíon saighdiúirí comandó, Afrikaner

Thosaigh an cogadh ar an 11 Deireadh Fómhair 1899. Ar dtús, b'iad na Bóraigh a d'ionsaigh Coilíneacht Natal agus Coilíneacht na Rinne idir Deireadh Fómhair 1899 agus Eanáir 1900. Bhí na Sasanaigh scaipthe go tanaí, agus na Bóraigh ag cúngú orthu go bagrach.

 
Hart's Hill, áit a tharla "ruathar na briogáide Éireannaí", Cath Colenso ar 15 Nollaig 1899

Chuir siad na cathracha Mafeking agus Kimberley faoi léigear, agus ansin, d'fhág siad an chuid ba mhó de na trúpaí Sasanacha imshuite i Ladysmith. Bhí cuid mhaith sibhialtaigh fágtha sna cathracha sin, agus iad ag fulaingt go mór mór faoin mbombardú airtléire agus de cheal bia.

Cath ColensoCuir in Eagar

Tráth an ama seo a throid Arm na Breataine an cath ba mhó ó aimsir an Chogaidh Chriméigh sna 1850idí, Cath Colenso ar 15 Nollaig 1899. Bhí uafás ar ar fhormhór na náisiúnaithe in Éirinn ag an am. Dar leo, níor léirigh Rialtas na Breataine aon mheas ar na mBórach.[1][5] Chuaigh cúpla céad acu chun na hAfraice Theas chun troid in aghaidh fhórsaí na Breataine (Seán Mac Giolla Bhríde agus Art Ó Gríofa ina measc)... agus na hÉireannaigh in Arm na Breataine.[6]

Throid trí cinn déag de chathláin Éireannacha ann,[7] lena n-áirítear an Bhriogáid Éireannach, as a cailleadh líon mór fear (an Reisimint Fiúsailéirí Ríoga Inis Ceithleann, na Connaught Rangers, na Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath,[8] agus an Border Regiment) ag cath tubaisteach Colenso i Nollaig 1899.[9]

Deireadh an ChogaidhCuir in Eagar

Cuireadh deireadh leis an gcogadh sa bhliain 1902.

GailearaíCuir in Eagar

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 museum.ie. "an Dara Cogadh Angla-Bórach". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-10. Dáta rochtana: 2020.
  2. Luke Diver. "IRELAND'S SOUTH AFRICAN WAR 1899–1902". Dáta rochtana: 2021.
  3. Mártan Ó Ciardha (8 Meán Fómhair 2019). "'Kruger's backside saves West Kerry' – an grá as cuimse don pheil Ghaelach i gCiarraí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-15.
  4. "A riot on College Green, 1899." (en). Come Here To Me! (2015-12-26). Dáta rochtana: 2021-12-15.
  5. "Opposition to the Second Boer War" (as en) (2020-04-06). Wikipedia. 
  6. "MacBride's Brigade in the Anglo-Boer War". History Ireland (2013-02-07). Dáta rochtana: 2021-12-15.
  7. Luke Diver, maynoothuniversity.ie Ph.D. (2014). "Ireland and the South African War, 1899-1902". Dáta rochtana: 2020.
  8. "Royal Dublin Fusiliers" (as en) (2020-07-13). Wikipedia. 
  9. "MacBride's Brigade in the Anglo-Boer War". History Ireland (2013-02-07). Dáta rochtana: 2020-12-15.
  10. "Audioguide | St Stephen's Green Park" (ga). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-18. Dáta rochtana: 2020-12-15.