Osclóidh seo an príomhroghchlár

Ba uachtarán agus laoch cogaidh na Fraince é an ginearál Charles de Gaulle (22 Samhain, 18909 Samhain, 1970).

Charles De Gaulle
De Gaulle-OWI.jpg

18ú Uachtarán na Fraince
1ú Uachtarán na 5ú Poblachta
In oifig
8 Eanáir 195928 Aibreán 1969
Réamhtheachtaí: René Coty
Comharba: Georges Pompidou

Dáta breithe 22 Samhain 1890
Áit bhreithe Lille, An Fhrainc
Dáta báis 9 Samhain 1970
  Colombey-les-Deux-Églises, Haute-Marne, An Fhrainc
Páirtí RPF (1947)
UNR (1958)
UDR (1968)
Céile Yvonne de Gaulle
Síniú
Charles de Gaulle Signature.svg

SaighdiúireachtCuir in Eagar

Chuaigh de Gaulle isteach in Airm na Fraince sa bhliain 1912 tar éis ceithre bhliain ag staidéir ag Saint-Cyr, scoil míleata Francach. Bhí sé páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda. Gortaíodh agus gabhadh é ag Deaumont, i rith Catha Verdun i Márta 1916.

D'fhan sé san Arm tar éis an chogaidh agus tugadh aird dó mar mholtóir cogaidh armúrtha agus eitilte míleata.

Ba Coirnéal é ag tús an Dara Cogadh Domhanda ach fuair sé ardú céime go Briogáidire-Ghinearál tar éis bheith i gceannas ar frithionsaí buach i rith Titime na Fraince sa bhliain 1940 agus tugadh post dó mar Fhorúnaí Cosanta i rialtas na Fraince. Nuair a fuair sé amach go raibh Pétain, Príomhaire na Fraince, ag lorg sosa cogaidh leis na Naitsithe, theith De Gaulle agus oifigigh sinsearacha eile go dtí Londain.

Thug de Gaulle óráid raidió cháiliúil ar 18 Meitheamh 1940 i Londain ag iarraidh ar muintir na Fraince seasamh in aghaidh na forgabhála. Rinne de Gaulle, anois ina Ghinearál agus ceannaire féincheaptha, achainí ar chách tacú leis agus cháin sé an sos cogaidh.[1]

 
De Gaulle - 1943

Ansin bhunaigh sé Fórsaí na bhFrancach Saor chun leanúint leis an troid thar lear in aghaidh na Gearmánaigh. Bhí na Fórsaí seo go mór chun tosaigh i saoradh na Fraince. Saoradh Páras ar an 25 Lúnasa, 1944 agus rinneadh Uachtarán Rialtais Sealadach na Fraince de De Gaulle.

D'éirigh sé as an pholaitíocht sa bhliain 1946.

Cinquième RépubliqueCuir in Eagar

 
1963

Tháinig sé i gcumhacht arís sa bhliain 1958, tar éis géarchéime Bhealtaine 1958, le tacaíocht Airm na Fraince. Dréachtaíodh bunreacht nua agus bunaíodh an Cúigiú Poblacht.

Toghadh de Gaulle mar Uachtarán na Fraince ar 21 Nollaig, 1958. Thug sé an tír chun síochána agus thug sé neamhspleáchas don Ailgéir, rud a chuir deireadh le cogadh costasach nár theastaigh leis na Francaigh.

Sna 1960idí, bhí sé i gceannas nuair a eisíodh airgead nua. Cuireadh an tionsclaíocht sa Fhrainc chun cinn ag an am céanna.

D'fhorbair an Fhrainc airm núicléacha agus chuir De Gaulle polasaithe pan-Eorpacha chun tosaigh. Ach dhiúltaigh de Gaulle don Bhreatain dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1967.[2]

 
Dealbh, Vársá

Éirí as, agus básCuir in Eagar

Tharla Réabhlóid na Mac Léinn i mBealtaine 1968. Ar an 13 Bealtaine 1968, ghlac 800,000 duine, na ceardchumainn ina measc, páirt san agóid i bPáras in aghaidh de Gaulle.

D'éirigh de Gaulle as oifig ar an 28 Aibreán, 1969.

Thug de Gaulle cuairt ar Éirinn sa bhliain 1969, tar éis dó éirí as oifig.

 
Cashel House Hotel, 3 Meitheamh 1969, síniú de Gaulle
 
Teach Cashel

,

De Gaulle in ÉirinnCuir in Eagar

 
Cuimheacháin, Teach Cashel

Saol pearsantaCuir in Eagar

Phós de Gaulle Yvonne Vendroux sa bhliain 1921 agus bhí triúr clainne acu.

 
De Gaulle i gCiarraí, Sneem

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Appeal of 18 June" (in en) (2019-06-18). Wikipedia. 
  2. Nesta Roberts (1967-11-28). "Emphatic 'No' by de Gaulle" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2019-06-18.