Osclóidh seo an príomhroghchlár

B'é Laoiseach XIV nó mar is fearr aithne air, an "Grian-Rí"[1] (nó Louis-Dieudonné) (5 Meán Fómhair, 16381 Meán Fómhair, 1715) Rí na Fraince agus Rí Navarre ón 14 Bealtaine 1643 go lá a bháis.

Louis XIV
Rí na Fraince agus Navarre
Louis XIV of France.jpg
Portráid de Louis XIV a rinne Hyacinthe Rigaud sa bhliain 1701
Réimeas 14 Bealtaine 1643 – 1 Meán Fómhair 1715
Dáta breithe 5 Meán Fómhair 1638
Áit bhreithe Château de Saint-Germain-en-Laye, Saint-Germain-en-Laye, An Fhrainc
Dáta báis 1 Meán Fómhair 1715
Áit bháis Château de Versailles, Versailles, An Fhrainc
Réamhtheachtaí Louis XIII na Fraince
Comharba Louis XV na Fraince
Rítheaghlach Teach na Fraince (Craobh Bourbon)
Céile Marie-Thérèse na hOstaire

Thugtaí

  • "an Grian-Rí" (Le Roi Soleil as Fraincis) nó
  • Louis Mór (Louis le Grand) nó
  • An Monarc Mór (Le Grand Monarque)

ar Louis.

Chaith sé dhá bhliain déag is trí scór sa ríchathaoir, ní b'fhaide ná aon mhonarc eile san Eoraip ag an am.

Tús a ShaoilCuir in Eagar

Bhí sé ina Rí sular shlánaigh sé cúig bliana d'aois, ach ní bhfuair sé cumhachtaí an Rí i ndáiríre sular cailleadh an Príomh-Aire Jules Mazarin sa bhliain 1661.

 
Uacht Louis

Reiligiún agus CogaíCuir in Eagar

Is iomaí cogadh a chuir Louis XIV, cosúil leis an gCogadh Franc-Ollannach, Cogadh Léig Augsburg, agus Cogadh Chomharbas na Spáinne. Chaill na hUgóinigh a gceart nuair a chealaigh Louis XIV in 1685 Fógra Nantes (1598).[2]

Ach bhí cúrsaí an-chasta ann ar fad.[3] Bhí an cogadh in Éirinn sna 1690idí ina chuid de choimhlint níos mó san Eoraip chun cur i gcoinne Louis XIV arbh é an rialtóir ba chumhachtaí san Eoraip é an tráth sin. Bhí Liam ag troid ar son cúis Phrotastúnach ós rud é go raibh sé ag cur i gcoinne Louis, a cheap gur rialtóir mór Caitliceach é féin agus go raibh sé i gcoinne an Phrotastúnachais. Ach bhí Pápa na Róimhe, a bhí i gcoimhlint le Louis an tráth sin, i measc lucht tacaíochta Liam.

BásCuir in Eagar

Tháinig iscéime ar Louis agus fuair sé bás ar 1 Meán Fómhair 1715. Is éard a dúirt sé agus é ag fáil bháis ná: Tá mé ag imeacht anois, ach mairfidh an Stát i gcónaí (Fraincis: Je m'en vais, mais l'État demeurera toujours).

TagairtíCuir in Eagar

  1. ""an Grian-Rí"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2019-09-01.
  2. Comhar (Iúil 2010). "Le Curé d'Ars. Comhar 70 (7), lch 18-19. Réamonn Ó Muireadhaigh.". Dáta rochtana: 2019.
  3. 100objects.ie. "King Williams Gauntlets". Dáta rochtana: 2019.