Jules Mazarin
Taidhleoir agus státaire ab ea Jules Raymond Mazarin, nó an Cairdinéal Mazarin mar is fearr aithne air. Do rugadh i bPescina, áit a bhí fé smacht Ríocht Napoloi ag an am, ar an 14ú lá d'Iúil sa mbliain 1602, é. Do fuair sé bás i Vincennes na Fraince, ar an 9ú lá de Mhárta sa mbliain 1661.
Jules Mazarin | |||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||||
1634 - 1637
Nollaig 16, 1641 -
Nollaig 5, 1642 - Márta 9, 1661 ← Cairdinéal de Richelieu - Jean-Baptiste Colbert (en) ![]()
1653 - 1658 ← Henri de Bourbon, Diúc Verneuil - Franz Egon of Fürstenberg (en) ![]() | |||||||||||
Saol | |||||||||||
Ainm iomlán | Giulio Raimondo Mazzarino | ||||||||||
Eolas breithe | Pescina, 14 Iúil 1602 | ||||||||||
Náisiúntacht | Frainc Ríocht Napoli | ||||||||||
Bás | Vincennes, 9 Márta 1661 | ||||||||||
Áit adhlactha | tomb of Cardinal Mazarin (en) ![]() | ||||||||||
Muintir | |||||||||||
Athair | Pietro Mazzarini | ||||||||||
Máthair | Ortensia Buffalini | ||||||||||
Céile/Céilí | luach ar iarraidh | ||||||||||
Siblíní | liosta iomláin | ||||||||||
Oideachas | |||||||||||
Alma mater | Pontifical Gregorian University (en) ![]() Ollscoil Complutense Ollscoil Salamanca | ||||||||||
Teangacha | an Fhraincis | ||||||||||
Gairm | |||||||||||
Gairm | taidhleoir, polaiteoir, sagart Caitliceach agus bailitheoir ealaíne | ||||||||||
Áit oibre | Lyon, Páras agus An Róimh | ||||||||||
Fostóirí | Ollscoil Sapienza na Róimhe | ||||||||||
Cleamhnú | |||||||||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||||||||
Ord | Beinidictigh | ||||||||||
![]() |
D'oibrigh Mazarin don bPápacht ar dtús, mar fhear míleata agus mar thaidhleoir. Is de bharr na mblianta a chaith sé ag obair do rithe na Fraince - Louis XIII (Gaeilge: An Tríú Laoiseach Déag) agus Louis XIV (Gaeilge: An Ceathrú Laoiseach Déag) - gur bhain Mazarin áit i stair na hEorpa amach dó féin, áfach. Do bhí sé ina Phrincipal ministre d'État (Gaeilge: 'Phríomh-Aire Stáit') - .i. Príomh-Chomhairleoir Rí na Fraince - ón mbliain 1643 go dtí 1661, agus do bhí ról lárnach aige i neart eachtraí polaitiúla dá bharr san. Bhí Mazarin páirteach in ullmhúchán Chonarthaí Mhünster - a roinnt an Ísiltír idir an Spáinn agus na Cúigí Aontaithe - agus na bPiréiní - a chur deireadh leis an gcogadh siúd a thosnaigh idir an Spáinn agus an Fhrainc sa mbliain 1635 -, mar shampla.
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |