Ainéaras
Is éard atá i gceist le ainéaras leathnú buan artaire de bharr lagú na mballaí tar éis gortaithe, galraithe, máchail beirthe, artairiscléaróise nó hipirtheannais. Uaireanta, is féidir ainéaras a aimsiú le scrúdú láimhe dochtúra.
Den chuid is mó aimsítear é le X-ghathanna, scanadh CT, scanadh ultrafhuaime nó scrúdú ultrafhuaime Doppler. Baolach san aorta, príomhartaire na colainne trína gcaidéalaíonn an croí an fhuil roimh í a dháileadh ar fud na colainne.
Féadfaidh an t-ainéaras séideadh suas, agus silfidh an fhuil amach ón imshruthú is isteach i gcuasa stoc na colainne, rud a fhéadfaidh a bheith marfach go tapa do dhuine.
Cóir leighis nua-aimseartha a úsáidtear chun ainéaras a smachtú is ea píosa de phíobán poileistir a chur in ionad an fhad aorta atá gortaithe.
Féadfaidh duine bás a fháil de bharr ainéarais in artaire ar bith san inchinn, má phléascann sé. Sa chás seo neartaítear an t-artaire go minic le píobán plaisteach, fíocháin as ball eile den cholainn, nó teanntán miotail timpeall air.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ainéaras". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 23.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |