Ba é an Comhphobal Eorpach an chéad cheann de thrí ghallán an Aontais Eorpaigh (AE) sna blianta 1993-2009. Cruthaíodh na galláin seo mar thoradh ar Chonradh Maastricht (1992). Tógadh isteach an Comhphobal faoi Aontas na hEoraip sa bhliain 2009.

Bosca Sonraí EagraíochtaComhphobal Eorpach

AintiúnIomann na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Eanáir 1958
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Rud nó duine a tháinig ina áitan tAontas Eorpach Cuir in eagar ar Wikidata

1957Treaty establishing the European Economic Community (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Fochomhlacht
Codanna
Méadú an AE
 
an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach

D'fhás Aontas na hEoraip as trí chomhphobal a bunaíodh i ndiaidh An Dara Cogadh Domhanda. Bhí aidhmeanna acu síocháin agus rathúnas a chur chun cinn san Eoraip.

I 1957 cruthaíodh an Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE).[1]. Ba ea Conradh na Róimhe a cruthaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Síníodh Conradh na Róimhe ar an 25 Márta 1957 agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1958. Ba iad na chéad tíortha a tháinig isteach sa CEE an Fhrainc, an Ghearmáin, an Bheilg, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír.

Sa bhliain 1972, shínigh Éire, an Danmhairg agus an Bhreatain le chéile conradh aontachais amháin chun dul isteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.[3]

Fraincis a bhí i réim sa Choimisiún sular tháinig na Béarlóirí isteach. Ach mar thoradh ar chinseal an Bhéarla, is sa teanga sin atá na cainteanna atá ar siúl faoi láthair leis na tíortha gur mian leo teacht in aontachas leis an AE.[4]

Sa bhliain 1972, cuireadh i bhfeidhm an cinneadh a bhí déanta ag na ballstáit a bhí ann go gcuirfí an Béarla isteach mar theanga oifigiúil. Níor luadh gur bhain an Béarla leis an mBreatain ná le haon bhallstát eile. Dá bhrí sin, is mar thoradh ar an idirbheartaíocht idir na tíortha ar fad gur tháinig ann don Bhéarla mar theanga oifigiúil. Agust tá fianaise agam gur dhiúltaigh Éire don bhrú a cuireadh orthu glacadh le Gaeilge mar theanga oifigiúil.[4]

  1. "citizensinformation.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-11. Dáta rochtana: 2017-01-01.
  2. "eu2013.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-01. Dáta rochtana: 2017-01-01.
  3. Michael Hennigan. "The Irish as Young Europeans: "Hire them before they hire you"" (en). Dáta rochtana: 2023-01-01.
  4. 4.0 4.1 Pádraig B Ó Laighin (26 Deireadh Fómhair 2016). "Béarla agus Brexit: Is féidir linn ceart crosta a úsáid agus bac a chur le díbirt an Bhéarla" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-01.