Conradh a síníodh i gcathair na Róimhe ar an 25 Márta 1957 is ea an Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE), nó Conradh na Róimhe mar is fearr aithne air. Shínigh sé thír an conradh seo: an Bheilg, an Fhrainc, An Ghearmáin (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine), an Ísiltír, an Iodáil agus Lucsamburg[1].

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtConradh na Róimhe
Íomhá
Cineálconstitutive treaty (en) Aistrigh
treaty of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Márta 1957 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm1 Eanáir 1958 Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir

Ar an lá céanna, shínigh na tíortha céanna Conradh Euratom. Le Conradh na Róimhe agus Conradh Euratom bunaíodh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Comhphobal Eorpach um Fhuinneamh Adamhach faoi seach.

Nuair a tháinig an Conradh i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 1958, chuir an CEE tús leis an Margadh aonair Eorpach agus leag sé bunphrionsabail an Chomhbheartais Talmhaíochta amach, comhbheartas a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 1962.

Méadú an AE cuir in eagar

 
Conradh na Róimhe‎, comóradh, 25 Márta 2017

Méadaíodh an CEE sna blianta ina dhiaidh sin go dtí go raibh an conradh sínithe ag dhá thír déag:


Athruithe ar Chonradh na Róimhe cuir in eagar

Téacs agus síniú, Conradh na Róimhe

Conradh na Róimhe an conradh is tábhachtaí, a cruthaigh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i 1957. Rinne go leor mionathruithe ar Chonradh na Róimhe sular athraíodh é go mór. Ó glacadh le Conradh na Róimhe, d'aontaigh agus daingnigh na Ballstáit cúig chonradh eile;

  • Conradh Cumaisc i 1967,
  • An Ionstraim Eorpach Aonair i [1986]],
  • Conradh ar an Aontas Eorpach Conradh Maastricht i 1992. shínigh an dá thír déag a bhí páirteach i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa é sa bhliain 1992 agus cuireadh i bhfeidhm é ar an 1 Samhain. Ón mbliain sin amach, tugadh an Conradh lena mbunaítear Comhphobal na hEorpa ar an gconradh.
  • Conradh Amstardam i 1997,
  • Conradh Nice i 2002
  • Conradh Liospóin sa bhliain 2009. Tháinig mórathrú eile ar an gconradh le Conradh Liospóin, conradh a síníodh sa bhliain 2007 agus a tháinig i bhfeidhm dhá bhliain níos déanaí ar an 1 Nollaig 2009. Ó shin amach, is é an t-ainm a thugtar ar an gconradh ná an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.


Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "citizensinformation.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-07-11. Dáta rochtana: 2017-03-25.