Cogadh Saoirse na hAilgéire
Ba cheann de na cogaí díchóilínithe ba thábhachtaí agus ba chasta é Cogadh Saoirse na hAilgéire (1954–62). Ní raibh na Francaigh cinnte céard le déanamh san Ailgéir sa tréimhse seo. Bhí thart ar mhilliúin coilíneach Eorpach ina gcónaí san Ailgéir. Bhí an t-achrann chomh dona sin gur bheag nach raibh cogadh cathartha sa bhFrainc dá bharr.
Lipéad sa teanga dhúchais | (ar) ثَوْرَةُ تَحْرِيرِ الْجَزَائِرِ، الثَّوْرَةُ التَّحْرِيرِيَّةُ الْجَزَائِرِيَّةُ |
---|---|
Cineál | war of independence (en) cogadh saoirse náisiúnta |
Ainmnithe in ómós | an Ailgéir |
Cuid de | an Cogadh Fuar |
Tréimhse | 1 Samhain 1954 - 9 Meán Fómhair 1962 |
Dáta na bliana | 1 Samhain 1954 |
Príomhábhar | náisiúnachas na hAilgéire flaitheas |
Suíomh | an Fhrainc, An Fhrainc |
Oibreoir | Na hAilgéaraigh, pieds-noirs agus Organisation armée secrète |
Líon básanna | 1,500,000 39,322 |
Meán cumarsáide | |
Croineolaíocht | |
Congress of Soummam (en) | |
Comhaontú Évian | |
Codanna | |
Saothar iomlán ar fáil ag URL | archive.org… |
Bhí na Harkis (dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéaracha) i gcoinne an FLN (Fronta Náisiúnta Fuascailte), Gluaiseacht Náisiúnta na hAilgéire (MNA), le tacaíocht ón bPáirtí Cumannach Francach agus Páirtí Cumannach na hAilgéire. Ag an am chéile, bhí na Pieds-Noirs (na hAilgéir-Eorpaigh) ina liobrálaigh (Eorpaigh-Ailgéirigh), le roinnt Arab-Ailgéirigh, a bhí i bhfabhar an neamhspleáchais.
Tá an cogadh tábhachtach ó thaobh
- na stailce treallchogaí,
- na troda 'maquis', sceimhlitheoireacht in aghaidh ghnáthdhaoine ar gach taobh,
- an sceimhlitheoireacht a rinneadh ar an dá thaobh,
- agus na coimhlintí idir arm na Fraince, na Pieds Noirs agus an grúpa dílseoirí Moslamacha Arab-Ailgéaracha, nó na Harkis.
Cúlra
cuir in eagarI dtús na 1950idí, rinne an Fhrainc iarracht Vítneam a ath-thógaint. Ach theip uirthi agus cuireadh tús leis an gCéad Chogadh Ind-Síneach. Chaill na Francaigh an cogadh sin ag Cath Dien Bien Phu sa bhliain 1954. Díreach ina dhiaidh sin, bhris Cogadh Saoirse na hAilgéire amach san Ailgéir.
1954
cuir in eagarSa bhliain 1954, bhí an Ailgéir fós measta mar chuid inmheánach den Fhrainc.
I Mí na Samhna 1954, i rith an Toussaint Rouge (Samhain na Fola), thit rialtas na Fraince as a chéile (an Ceathrú Poblacht a bhí i réim). Faoi ordaithe rialtas Guy Mollet (SFIO nó Sóisialach), thosaigh arm na Fraince feachtas "síothú" san Ailgéir. Chas an "oibríocht Ordaithe Poiblí" go tapa i gcogadh iomlán.
Bhí na hAilgéaraigh i dtús báire i bhfabhar na síochána, ag díriú i gcomhair an neamhspleáchais iomláin. Scoilt an Fhrainc de bharr cúrsaí san "Ailgéir Fhrancach" (l'Algérie Française), caomhnú an rialtas, agus ghlacadh le idirbheartaíocht agus stádas idir Rialtas Dúchais agus iomlánú i bPoblacht na Fraince.
1956
cuir in eagarTharla an ghéarchéim Shuais (Suez) sa bhliain 1956, idirghabháil mhíleata mhí-ámharach. Mar leithscéal, dúirt rialtas na Fraince go raibh an tUachtarán Nasser ag tabhairt cabhrach don FLN. Ach eachtra mhíleata mhí-ámharach a bhí ann. Lagaigh an géarchéim seo an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe ar thaobh idirnáisiúnta.
1958
cuir in eagarSa bhliain 1958, thit an rialtas. Díscaoileadh an Ceathrú Poblacht agus bunaíodh Cúigiú Poblacht na Fraince, le huachtarán láidir, Charles de Gaulle, Bealtaine 1958. Bhí sé in ann an tír a choimeád le chéile fad is bhí sé ag iarraidh deireadh a chur leis an gcogadh.
Fuair de Gaulle níos mó cumhachtaí mar Uachtarán. Cheap arm na Fraince go mbeadh de Gaulle in ann an Ailgéir a choimeád sa Chomhphobal Francach, ina raibh coilíneachtaí eile na Fraince. Ach diaidh ar ndiaidh, bhí de Gaulle ag claonadh do neamhspleáchas don Ailgéir.
1962
cuir in eagarAr 18 Márta 1962, síníodh Comhaontú Évian, conradh síochána a chuir deireadh leis an gcogadh idir Arm na Fraince agus an FLN, gluaiseacht na saoirse, san Ailgéir. Fógraíodh sos comhraic ina measc siúd a bhí i mbun cogaíochta, a tháinig i bhfeidhm an lá dár gcionn, an 19 Márta.
Chaith na hAilgéaraigh mar sin díobh cuing an choilíneachais.