Is é brí le dílseachas i gcomhthéacs na hÉireannAontachtóir antoisceach atá sásta breith ar an arm le forlámhas na bProtastúnach i dTuaisceart Éireann agus le stádas bunreachtúil an stáitín mar chuid den Ríocht Aontaithe a chosaint is a choinneáil i bhfeidhm.[1].

Bratach an Aontais

Aontachtóirí nó Dílseoirí? cuir in eagar

Is minic nach n-aithníonn na meáin chumarsáide na h-"Aontachtóirí" agus na "Dílseoirí" thar a chéile. Mar sin féin, bíonn sé níos coitianta an téarma úd "Dílseoir" a úsáid le tagairt a dhéanamh do lucht antoisceachais atá sásta droichead a dhéanamh den dlí is den cheart leis an status quo a choinneáil i bhfeidhm sa Tuaisceart nó a bhfuil a ndearcadh ar na cúrsaí neamhghéilliúlach as an ngnáth. An chuid is mó de na hAontachtóirí, ní thabharfaidís "Dílseoirí" orthu féin. Go bunúsach, cuimsíonn an téarma "Aontachtóir" gach duine a dteastaíonn uaidh an Ríocht Aontaithe, agus an chuma atá uirthi inniu, a choinneáil aontaithe. Mar sin, is féidir an dá chiall a bhaint as an bhfocal "dílseoir": dílseacht don Aontacht, nó dílseacht do Choróin na Breataine Móire.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Alan F. Parkinson(1998), Ulster loyalism and the British media, University of Michigan Press, ISBN 1-85182-367-0