Dúnmharú an Miami Showband (1975)

Bhí dúnmharú an Miami Showband ar na coireanna ba mhíchlúití dá ndearna Óglaigh Uladh (UVF) riamh in Éirinn.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú an Miami Showband
Map
 54°15′37″N 6°18′57″W / 54.2603°N 6.3159°W / 54.2603; -6.3159
Cineálionsaí buamála
lámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana31 Iúil 1975 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae an Dúin, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata


leacht cuimhneacháin, Cearnóg Parnell, le William Murphy

Ar an 31 Iúil 1975, maraíodh triúr den bhanna ceoil san ionsaí, agus an seó-bhanna ag taisteal ar ais go Baile Átha Cliath ó Dhroichead na Banna. Nuair a mhaidhm na sceimhlitheoirí buama leis na ceoltóirí a mharú, fuair beirt fhear dá gcuidsean bás sa phléasc.

Bhí muintir an dreama a híonsaíodh ag maíomh i gcónaí go raibh lámh ag na fórsaí slándála freisin san ionsaí. Bhí socrú ó thaobh cúitimh déanta ag Aireacht Cosanta na Breataine... sa bhliain 2021.[2]

Sléacht i mBuskhill, An Dún
Óglaigh Uladh (UVF, nó as Béarla, na Ulster Volunteers)

Cúlra cuir in eagar

Ba nós leis na seó-bhannaí an tír a thaisteal agus a gcuid ceoltóireachta a dhéanamh beag beann ar an teorainn. Bhí daoine ón dá phobal ag freastal ar a gcuid ceolchoirmeanna.

Ach b'é an dearcadh a bhí ag na dearg-Dhílseoirí orthu "nach raibh ach ceol na reibiliúnach á sheinm acu". Thairis sin, bhíodh na gnáthóirí ag trasnú na teorann go minic le dreas ceoil a chloisteáil agus cúrsa damhsa a dhéanamh ar an taobh eile. Maidir leis an Miami Showband, áfach, ní fhéadfá an locht seo a chur orthusan, nó bhí siad ag seinm amhráin Mheiriceánacha nach raibh ciall pholaitiúil ar bith leo in Éirinn.

Sléacht cuir in eagar

 
Saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh in Ard Mhacha Theas

Thug an Miami Showband uathu an ghig dheireanach sa Castle Ballroom i nDroichead na Banna, agus d'imigh siad leo le dhá veain ag leathuair tar éis a dó réamhnóna. B'é an bainisteoir a bhí ag tiomáint veain an trealaimh, agus an cheolfhoireann féin ag taisteal sa dara veain.

Duine de na ceoltóirí, mar atá, an drumadóir Ray Millar, tháinig sé slán, ó bhí sé ag tiomáint a ghluaisteáin féin, agus é lena chodladh a fháil i dteach a thuismitheoirí in Aontroim.

Ag fágáil Dhroichead na Banna ina ndiaidh dóibh, chaithfeadh an cheolfhoireann stopadh ag seicphointe de chuid Chonstáblacht Ríoga Uladh. Nuair a ligeadh ar shiúl ón seicphointe iad, ghreamaigh gluaisteán de chuid na sceimhlitheoirí de veain na gceoltóirí. Bhí sí ag fanacht leo i leataobh páirceála.

I ndiaidh tamaill, stopadh veain na gceoltóirí ag seicphointe eile, mar a shíl siad féin, agus díríodh isteach i leataobh páirceála eile iad. An gluaisteán a bhí á leanúint, stop sí chomh maith. Ní raibh a fhios beo ag bainisteoir an bhanna céard a bhí ar na bacáin, ó d'fhág na sceimhlitheoirí ag tiomáint leis ar aghaidh é gan bacadh leis ar aon nós.

Dealraíonn sé gur phléasc buama na sceimhlitheoirí de thaisme, nuair a bhí na "saighdiúirí" in ainm is a bheith ag seiceáil veain na gceoltóirí. Bhí siad ag caitheamh sainéidí Reisimint Chosanta Uladh, nó bhí siad ina saighdiúirí sa reisimint, cé go raibh siad gníomhach i bhFórsa Óglaigh Uladh (UVF) freisin.

Ansin, chinn na sceimhlitheoirí iarsmaí an bhanna a mharú le nach mbeadh fianaise ná finnéithe fágtha. Criathraíodh aghaidh agus cloigeann an phríomhamhránaí Fran O'Toole le meaisínghunna, agus lámhachadh an tiománaí Brian McCoy agus Anthony Geraghty sa droim. Lig Stephen Travers air féin go raibh sé marbh, agus chuaigh Des McAlea i bhfolach. Níos déanaí, thóg sé an gháir.

Nuair a bhain na póilíní láthair na coire amach, fuair siad rompu, cé is moite de na ceoltóirí marbha, beirt sceimhlitheoirí marbha, Harris Boyle agus Wesley Somerville, agus Stephen Travers, gortaithe go dona.

Riar an chirt cuir in eagar

Ciontaíodh triúr saighdiúirí, James Somerville, Thomas Crozier, agus James McDowell, i ndúnmharú na gceoltóirí. Ar an gcúigiú lá déag de Mhí Dheireadh Fómhair, 1976, gearradh príosúnacht cúig bliana déag is fiche do thriúr saighdiúirí de chuid Reisimint Chosanta Uladh (UDR), a bhí ina mbaill d'Fhórsa Óglaigh Uladh (UVF).

D'fhan siad i dtóin phríosúin go dtí gur scaoileadh saor iad i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Cúiteamh cuir in eagar

Sa bhliain 2021, bhí socrú ó thaobh cúitimh déanta ag Aireacht Cosanta na Breataine agus ag an PSNI - le daoine a tháinig slán as sléacht. Beagnach £1.5m i ndamáistí san iomlán atá déanta leo, agus fógraíodh sin san Ard Chúirt i mBéal Feirste ar 13 Nollaig 2021.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Miami Showband Massacre 1975 - video dailymotion" (en). Dailymotion. Dáta rochtana: 2019-07-31.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2021-12-13). "Socrú cúitimh leo siúd a tháinig slán ó shléacht Miami Showband" (as ga).