Feiste a úsáidtear chun pléascadh a dhéanamh, a mbíonn soitheach, ábhar pléascach (mar shampla, nítriglicríntrínítreatolúéin) agus fiús ann de ghnáth, is ea Buama.

Buamáil

Bíonn buama difriúil ó fheistí pléascacha eile mar nach dtiomáintear é i dtreo a sprice.

De ghnáth is trí dhomhantarraingt (nuair a ligtear don bhuama titim ó eitleán) nó tríd an mbuama a chur ar an sprioc nó gar di (mar a dhéantar le buama gluaisteáin) a aimsíonn sé an sprioc. Tá saghsanna éagsúla buamaí, ina measc buama pléasctha, buama bloghraithe, buama fritharmúir, buama loiscneach.

Pléasc

Úsáidtear raon leathan meáchan i mbuamaí, ó timpeall 1 kg ábhair phléascaigh i mbuama gluaisteáin go dtí níos mó ná 10,000 kg sna buamaí is mó a úsáideadh sa dara cogadh domhanda. Cuirtear domhantarraingt, luas is airde an eitleáin san áireamh chun an t-am le ligean do bhuama titim a chinneadh.

Tá buamaí cliste ann freisin, agus inneall treoraithe iontu atá in ann comharthaí a ghlacadh ón talamh (mar shampla, léas léasair) chun iad a threorú.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Buama". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 96.