Léasar
Léasar is ea gléas chun solas glan monacrómatach nó comhleanúnach (le tonnfhad amháin) a ghiniúint.
Croineolaíocht | |
---|---|
Fionnachtain | 16 Bealtaine 1960 |
Tagann an t-ainm mar acrainm ó aimpliú solais trí astú spreagtha radaíochta (Light Amplification by Stimulated Emission of Radiation: laser). Bíonn raon tonnfhad in aon ghnáthsholas, agus deirtear gur neamh-chomhleanúnach atá a leithéid de sholas.
Is é a bhíonn sa léasar ná cuas ina bhfuil gás nó ábhar leathsheoltóra áirithe agus cinn an chuais scáthánach is comhthreomhar lena chéile. Bíonn ceann de na scátháin seo leathscáthánach, is é sin go dtarchuireann sé suas le 50% den solas a ionsaíonn é.
Tosaítear plasma sa ghás istigh sa chuas le sruth leictreach a sheoladh idir leictreoidí ann, rud a mhéadaíonn fuinneamh na leictreon sna hadaimh ghásacha ón mbunleibhéal go dtí leibhéil cheadaithe eile. Nuair a fhilleann na hadaimh go dtí an bunleibhéal, astaítear candaim solais ar thonnfhad atá ceangailte leis na laghduithe fuinnimh.
Spreagann an solas seo níos mó solais ar feadh a gcúrsaí sa chuas trí fhuinneamh na n-adamh a ionsaíonn é a mhéadú, a bheag nó a mhór. Bíonn an solas seo a spreagtar i gcomhphas leis an solas is cúis leis, agus ar an mbealach seo gintear léas comhleanúnach istigh sa chuas. Múchtar aon solas nach bhfuil ag taisteal ar feadh na líne dírí idir na cinn scáthánacha le péint dhubh ionsúch ar na ballaí eile.
Frithchaitear an solas ag an scáthán ag gach ceann den chuas, agus sa tslí seo cruthaítear tonn chónaitheach solais ar thonnfhad amháin, a bhraitheann ar fhad an chuais. Neartaítear gile an tonnfhaid sin, agus ligtear cuid den solas sin amach tríd an gceann leathscáthánach.
Coimeádann an sruth leictreach idir na leictreoidí an próiseas seo ar siúl an t-am ar fad, agus mar sin astaíonn an léasar léas leanúnach solais mhonacrómataigh.
Meascán de héiliam is neon is coitianta a d'úsáidtí mar ghás i léasair, ach feidhmíonn go leor meascán eile, leachtanna áirithe, agus ábhair leathsheoltóra ar leith mar ábhair chuí i gcuas an léasair freisin.
I ngach cás, bíonn an tonnfhad a chruthaítear sainiúil don ábhar atá sa chuas. Baintear feidhm as léasair a dhéanann solas infheicthe i dtaifeadadh digiteach agus córais teileachumarsáide thar shnáithíní optúla.
Tá léasair infridhearga ann lenar féidir miotail a ghearradh is a pholladh. Baintear feidhm as léasair excimer, a chruthaíonn léas bíogtha agus nach ngineann mórán teasa, i máinliacht súl is ball eile.
Féach freisin
cuir in eagar- Charles Townes :. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice le Nikolai Basov is Alexandr Prokhorov sa bhliain 1964 as a shaothar chun an méasar agus an léasar a fhorbairt.
- Theodore Maiman: Rinne sé cuid mhaith saothar forbartha ar an méasar, agus i 1960 thóg an chéad léasar praiticiúil a d'oibrigh go rathúil.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Léasar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |