Méasar
Feiste a chruthaíonn micreathonnta ó adaimh nó móilíní flosctha is ea an méasar, ceaptha ag Charles Townes is daoine eile sa bhliain 1954.
Tagann an t-ainm mar acrainm ó aimpliú micreathonn trí astú spreagtha radaíochta (MASER: Microwave Amplification by Stimulated Emission of Radiation). Móilíní amóinia, spreagtha go teirmeach, a bhí sa chéad chineál den fheiste. Faoi seo úsáidtear gáis eile, hidrigin ina measc. Is ionann é is léasar ach amháin gur micreathonnta in ionad solais a chruthaítear ann (le tonnfhaid i bhfad níos lú na tonnfhaid solais).
Cruthaíonn an méasar léas monacrómatach leanúnach micreathonnta, ar féidir é a úsáid i gcomhair radair chun pictiúir níos soiléire a fháil, agus i gcomhair teileachumarsáid satailíte.
Féach freisin
cuir in eagar- Charles Townes : Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice le Nikolai Basov is Alexandr Prokhorov sa bhliain 1964 as a shaothar chun an méasar agus an léasar a fhorbairt.
- Theodore Maiman: Rinne sé cuid mhaith saothar forbartha ar an méasar, agus i 1960 thóg an chéad léasar praiticiúil a d'oibrigh go rathúil.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Méasar". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 445.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |