Is í an amóinia an ceann is tábhachtaí de chomhdhúile dénártha na hidrigine is na nítrigine. Is í a foirmle cheimiceach ná NH3 (móilín pirimidiúil, le nascuillinneacha timpeall 107°, bun lag. Bíonn pH timpeall 9.5 ag a tuaslagáin atá páirtneodraithe le haigéid láidre)[1]. Is gás í le teocht an tseomra faoi ghnáthbhrú an atmaisféir.

WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachAmóinia
Substaint cheimiceachaicme eintiteas ceimiceach
Mais mhóilíneach17.031 Da
Ainmnithe in ómósSéas Amón
Fionnachtaí nó aireagóirJoseph Priestley
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólpríomh-mheitibilít
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachNH₃
SMILES canónta
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.7625 kg/m³ (a 0 °C, gás) Cuir in eagar ar Wikidata
Luas forleata fuaime415 m/s (0 °C, gás) Cuir in eagar ar Wikidata
PKa9.21 Cuir in eagar ar Wikidata
Tuaslagthacht34 g/100 g (uisce, 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach1.471 D
Pointe leáite−77.74 °C
−78 °C Cuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe−33.4 °C
−33 °C (a 760 Torr)
−33.33 °C (a 101.325 kPa) Cuir in eagar ar Wikidata
Eantrópach mólarach caighdeánach192.5 J/(mol K)
Móimint leictreach dhépholach1.471 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−45.94 kJ/mol
Galbhrú8.5 atm (a 20 °C) Cuir in eagar ar Wikidata
Guais
Teorainn inlasta íochtair15 vol%
Teorainn inlasta uachtarach28 vol%
Dáileog mharfach íosta5,000 ppm (duine, mamach, ionanálú, 5 min)
1,500 mg/m³ (duine, ionanálú, 30 min)
5,000 ppm (mamach, ionanálú, 5 min)
3,317 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h)
132 mg/kg (duine) Cuir in eagar ar Wikidata
Dáileog mharfach airmheánach7 g/m³ (cat, Coinín, ionanálú, 1 h)
4,600 mg/m³ (luch saotharlainne, ionanálú, 2 h)
4,500 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h)
4,230 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h)
21,430 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 30 min)
7 g/m³ (Coinín, ionanálú, 1 h)
18,600 mg/m³ (francach saotharlainne, ionanálú, 5 min)
7,040 mg/m³ (francach saotharlainne, ionanálú, 30 min)
2,000 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 4 h)
17,401 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 15 min)
9,500 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h)
40,300 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 10 min)
28,595 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 20 min)
20,300 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 40 min)
11,590 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h)
7,338 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h)
4,837 ppm (luch saotharlainne, ionanálú, 1 h)
9,859 ppm (Coinín, cat, ionanálú, 1 h)
2,000 ppm (francach saotharlainne, ionanálú, 1 h) Cuir in eagar ar Wikidata
Teocht uathadhainte651 °C
Meánteorainn nochta ualaithe ama18 mg/m³ (10 h, luach ar iarraidh)
35 mg/m³ (8 h, Stáit Aontaithe Mheiriceá)
25 ppm (, an Éigipt, an Astráil, an India, an tSeapáin, an Chóiré Theas, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, an Iorua, Peiriú, an tSualainn, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe)
20 ppm (, an Ostair, an Bheilg, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Íoslainn)
14 mg/m³ (, An Coimisiún Eorpach, an Ungáir, an Ísiltír)
10 ppm (, an Fhrainc)
20 mg/m³ (, an Pholainn)
50 ppm (, an Téalainn, Na hOileáin Fhilipíneacha) Cuir in eagar ar Wikidata
Short-term exposure limit (en) Aistrigh27 mg/m³ (an Pholainn)
35 ppm (an Astráil, an India, an Chóiré Theas, Meicsiceo, an Nua-Shéalainn, Peiriú)
50 ppm (an Bheilg, an Fhionlainn, an Íoslainn, an tSualainn)
36 mg/m³ (An Coimisiún Eorpach, an Ungáir)
20 ppm (an Fhrainc)
20 mg/m³ (an Rúis) Cuir in eagar ar Wikidata
Láithreach contúirteach don bheatha nó sláinte210 mg/m³ agus 300 ppm
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response () Cuir in eagar ar Wikidata

Is furasta an amóinia a aithint ar a boladh bréan sainiúil.

Nuair a thuaslagfar amóinia san uisce, gheofar tuaslagán bunata atá in ann aigéid a neodrú. Is é an t-ian amóiniam NH4+ is toradh d'imoibriú na hamóinia is an uisce, agus é á iompar sna comhdhúile mar a bheadh ian miotail ann. Mar sin, is féidir salainn éagsúla amóiniam a chruthú agus iad an-chosúil le salainn mhiotail. Samplaí de seo iad an chlóiríd amóiniam agus an níotráit amóiniam.

Úsáidtear an chlóiríd amóiniam mar spíosra - cuirtear le liocras í le blas níos géire a thabhairt dó. Maidir leis an níotráit amóiniam, is leasú talún agus ábhar pléasctha í.

Is nimh é an gás amóinia a oibríonn go dona ar na scamhóga, ach san am chéanna, is amhábhar tábhachtach í don tionsclaíocht.

Bíonn an amóinia ar fáil go nádúrtha i mún an duine agus na n-ainmhithe, go háirithe má fhágtar an mún sin ag iompú, agus mar sin, is féidir le seanfhual na n-ainmhithe feirme an dúlra a thruailliú go dona.

Is í an amóinia an pointe tosaigh dá lán craobhacha den tionsclaíocht cheimiceach.

Haber sa bhliain 1905

Stair cuir in eagar

Chruthaigh Claude Louis BerthoIIet gur comhdhúil hidrígine is nítrigine í amóinia.

Bhí sé an-deacair an nasc idir an dá adamh i móilín na nítrigine N2 a bhriseadh leis an nítrigin sin a cheapadh i gcomhdhúile ceimiceacha.

Sa bhliain 1904, thosaigh an ceimiceoir Fritz Haber sa Ghearmáin ag forbairt an phróisis a thabhaigh clú agus cáil dó, is é sin, déantús na hamóinia. D'éirigh leis nítrigin an atmaisféir a chlaochlú go hamóinia sa tsaotharlann.

 

Sa bhliain 1909, d'éirigh le Haber agus Carl Bosch an próiseas seo a fhorbairt is a fhoirfiú—"modh oibre Haber agus Bosch", nó Haber-Bosch-Verfahren mar a deir an Ghearmáinis.

Bhí an t-aireagán seo chomh tábhachtach is gur thuill sé Duais Nobel na Ceimice do Haber.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 

Naisc sheachtracha cuir in eagar