Liocras
speiceas plandaí
Planda ilbhliantúil a fhásann 1 m ar airde, dúchasach d'oirdheisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise, is ea liocras. Ríosóim dreaptha aige. Na duilleoga cleiteach, le 9-17 duilleoigín dronuilleogach/ubhchruthach. Na pisbhláthanna scothbhán/vialait i mbláthraí cosúil le spící ar ghais fhada. Saothraítear go minic é mar is foinse liocrais a fhréamhacha (ar a dtugtar carra mhilis[1]), ábhar a úsáidtear go híocshláinteach agus mar chomhábhar i milseogra.[2]
Glycyrrhiza glabra | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | liquorice root (en) , liocras agus licorice extract (en) |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 203353 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Fabales |
Fine | Fabaceae |
Treibh | Galegeae |
Géineas | Glycyrrhiza |
Speiceas | Glycyrrhiza glabra L., 1753 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““carra mhilis” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Liocrás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 411.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |