Dromchla mín a fhrithchaitheann cuid mhaith den solas a imbhuaileann é, déanta as gloine le miotal an-fhrithchaiteach deasctha ar an gcúl nó ar an aghaidh thosaigh, nó as miotal le han-loinnir air. Cruthaíonn scáthán plánach íomhá fhíorúil ar aon mhéid leis an bhfrithne, ach an íomhá iompaithe go cliathánach i leith na frithne, taobh clé na híomhá ar thaobh deas na frithne. Díchumann scáthán dronnach an íomhá, ach úsáidtear scáthán cuasach le dromchla parabóileach i dteileascóip réalteolaíochta chun solas a bhailiú is a fhócasú. I dteileascóp réalteolaíoch frithchaite is féidir go mbeidh an scáthán 5 m ar trastomhas, ach úsáidtear scátháin de gach tomhas in ionstraimí optúla. Úsáidtear scátháin leathairgeadaithe mar scátháin aonbhealaigh idir seomra dea-shoilsithe is seomra lagshoilsithe.[1]

Scáthán

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Scáthán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 582.