Is éard atá sa leictreon (tugtar neigeatrón air freisin; is é e an gnáthchomhartha) ná cáithnín fo-adamhach. Taobh istigh den adamh a fhaightear na leictreoin, i gcumraíocht leictreonach, ag timpeallú an núicléas (is de phrótóin agus de neodróin atá sé sin cumtha).

Bosca Sonraí CáithnínLeictreon
Single electron probability pattern.png
Rangúcharged lepton (en) Aistrigh, cáithníní bunúsacha agus príomh-mheitibilít Cuir in eagar ar Wikidata
idirghníomhaíochtaíidirghníomhú lag, idirghníomhú leictreamaighnéadach agus imtharraingt Cuir in eagar ar Wikidata
FrithcháithnínPosatrón Cuir in eagar ar Wikidata
Fionnachtain1897 Cuir in eagar ar Wikidata
Lucht leictreach−1 Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint mhaighnéadach1.0011596521806 Cuir in eagar ar Wikidata
Guairne0.5 Cuir in eagar ar Wikidata
Paireacht1 Cuir in eagar ar Wikidata
Forshiméadrachtselectron (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eapainmómra Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir Monte Carlo11 Cuir in eagar ar Wikidata

Tá an lucht leictreach is lú ag na leictreoin, agus gineann siad sruth leictreach agus iad ag taisteal. Toisc go bhfuil baint ann idir an méid leictreon atá ag adamh agus a chuid tarraingt chuig adaimh eile, is bunúsach an pháirt a ghlacann an leictreon sa cheimic.

StairCuir in Eagar

Bhí George Johnston Stoney, fisiceoir Éireannach, ar na chéad daoine a d’úsáid an focal ‘leictreon’ ar an gcainníocht bhunúsach luchta a fhaightear sa leictrealú[1].

Ba é Robert Millikan, Meiriceánach, an chéad duine a rinne luach an luchta ar an leictreon a thomhas[2]. D’úsáid sé turgnamh cáiliúil ar a dtugtar an turgnamh ola-bhraonach. Fuair sé amach go bhfuil lucht dar luach −1.6 × 10−19C (nó an luach sin iolraithe faoi shlánuimhir éigin) ar bhraon ola a luchtaítear go leictreastatach. Rinne sé amach gurb in é méid an luchta ar an leictreon.

TagairtíCuir in Eagar

  1. Alex Keller: The Infancy of Atomic Physics. Hercules in His Cradle, Oxford University 1983. ISBN 0-19-853904-5
  2. GCE Physics A2 1 (Irish) Sum06.indd

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar