Tintreach
In aimsir thirim, luchtaítear scamaill le lucht leictreach - tintreach - trí fharasbarr leictreon a fháil ón aer nó leictreoin a chailliúint don aer, agus iad ag taisteal tríd an aer[1].
De bharr an aistriú luchta seo, tagann na scamaill le bheith ag ardvoltas i leith a chéile is na talún.
Má tharlaíonn grádán voltais mór go leor idir dhá scamall, nó idir scamall is talamh, ianaíonn sé an t-aer, rud a dhéanann seoltóir leictreon de, agus díluchtaítear na scamaill de phreab.
San ianú aeir seo, téitear móilíní an aeir an oiread sin go mbíonn siad gealbhruthach agus go n-astaíonn siad solas infheicthe ar feadh conair na leictreon.
Splanc tintrí is ea an chonair solais seo. Is splanc thintrí a bhíonn sa chonair seo sholais agus is plimp thoirní a bhíonn san fhuaim.
Bíonn an-chuid fuinnimh i splanc thintrí, agus má bhuaileann sé crann nó foirgneamh is féidir le dochar mór tarlú dá bharr. Mar sin, is inmholta seoltóir tintrí (slata tintrí copair) a chur le foirgnimh arda chun an díluchtú a tharraingt tríd seachas tríd an bhfoirgneamh féin. Ar an tslí sin, is tríothu sin, agus ní tríd an bhfoirgneamh féin, a tharraingítear an díluchtú.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |