Feirmíón
Is é is feirmíón ann ná cáithnín fo-adamhach go bhfuil guairne leath-shlánuimhreach (i.e. 1/2, 3/2, 5/2 srl) aige. Cloíonn feirmíón le prionsabal an eisiaimh, a deir nach féidir le dhá fheirmíón bheith in aon staid chandamach amháin ag an am céanna. Tugtar bósón ar cháithnín le guairne shlánuimhreach, agus i gcodarsnacht leis na bhfeirmíóin is féidir le dhá bhósón a bheith sa staid chandamach chéanna ar aon uain.
Rangú | massive quantum particle (en) |
---|---|
idirghníomhaíochtaí | imtharraingt |
Guairne | 1 |
Forshiméadracht | sfermion (en) |
Eapainm | Enrico Fermi |
Cé gur minicí a úsáidtear an téarma feirmíón ag tagairt do cháithnín fo-adamhach, ní gá go bhfuil an cáithnín níos lú ná adamh i bhfírinne. Tugtar feirmíón ar núicléas nó ar adamh fiú go bhfuil guairne leath-shlánuimhreach aige.
Maidir le buncháithníní fo-adamhacha, tá dhá shórt d'fheirmíóin ann: cuairc, go bhfuil lucht datha acu agus mar sin a ghlacann páirt in idirghníomhachtaí láidre, agus leaptóin, nach mbraitheann an fórsa láidir núicléach.
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |