Leaptón
Tugtar leaptón ar bhuncháithnín fo-adamhach nach mbraitheann an t-idirghníomhú láidir, mar nach bhfuil lucht datha (an cineál lucht a bhaineann leis an bhfórsa láidir) aige. Tá dá short leaptón ann: leaptóin le lucht leictreach, ar nós an leictreoin, agus leaptóin gan lucht leictreach, go dtugtar neoidríonónna orthu.
Is é an leictreon (e), an múón (μ), agus an tauón (τ) na trí leaptón le lucht leictreach, agus tá neoidríonó dá gcuid féin ag gach ceann acu: νe νμ ντ.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |