Cáithnín fo-adamhach
I samhail chaighdeánach an adaimh, samhlaíonn an fisicí go bhfuil gach damhna comhdhéanta as cáithníní fo-adamhacha ar a dtugtar feirmiain, agus go bhfeidhmíonn na cáithníní seo fórsaí éartha is aomtha idir a chéile trí cháithníní fórsa-iompartha, ar a dtugtar tomhasbhósóin, a mhalartú. Tá dhá shaghas feirmian ann, na cuairc is na leipteoin: na cuairc ina mbloic tógála de phrótóin, neodróin is méasóin, agus na leipteoin ag cuimsiú na leictreon, na múón is na neoidríonónna. Iompraíonn tomhasbhósóin éagsúla na bunfhórsaí: na graibheatóin an fórsa imtharraingthe, na fótóin an fórsa leictreamaighnéadach, na glúóin an fórsa núicléach láidir a choimeádann prótóin is neodróin le chéile, agus na bósóin an fórsa núicléach lag is bun leis an radaighníomhaíocht.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |