Tugtar cáithnín fíorúil ar aon cháithnín a tharlaíonn mar cháithnín idirghabhálach in imoibriú cáithníní fo-adamhacha. Samhlaítear go bhfaigheann an cáithnín fíorúil roinnt fuinnimh de réir prionsabal éiginnteachta Heisenberg, agus ar an mbealach seo sáraíonn sé dlí imchoimeád an mhaisfhuinnimh. Mar shampla, is féidir le leictreon is posatrón imoibriú le chéile trí fhótón fíorúil, fótón neamhfhisiceach a fuair iasacht fuinnimh chun teacht le bheith trom go neamhbhuan. Níl aon cháithnín fíorúil inbhraite go díreach, ach tá gá leis an gcoincheap chun cur síos ar imoibrithe cáithníní i dteoiric réimse chandamaigh.[1]

Cáithnín fíorúil

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cáithnín fíorúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.