Cáithnín bunúsach a bhfuil an mhais is an ghuairne chéanna aige is atá ag an leictreon, ach a bhfuil a lucht, atá ar aon mhéid le lucht an leictreoin, ina lucht dearfach. Mar sin, is frithleictreon é le siombail e+. An fisiceoirMeiriceánach Carl Anderson is an fisiceoir Briotanach Patrick Blackett (1897-1974) a d'fhionn é i 1932 ina dtaighde le néalsoitheach ar ghathanna cosmacha. Díothaíonn leictreon is posatrón a chéile chun gáma-ghathanna a chruthú. Astaíonn foinsí radaighníomhacha ar leith é (mar shampla, sóidiam-22). Úsáidtear posatróin sa chóras íomháithe, tomagrafaíocht astú posatrón, an mhíochaine, agus staidéir ar airíonna leictreonacha solad.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.