Prionsabal éiginnteachta Heisenberg
Thaispeáin Werner Heisenberg éiginnteacht bhunúsach sa bhfisic chandamach, go laghdaíonn cruinneas tomhas ionad cáithnín de réir mar a mhéadaítear cruinneas thomhas a luais, agus a mhalairt go cruinn. Ar leibhéal na gcáithníní bunúsacha, cuireann próiseas an tomhais isteach ar an gcóras. Mar shampla, dá mb'fhéidir le micreascóp cumasach leictreon a bhrath, bheadh gá le solas chuige seo. Ach tá leictreon chomh beag éadrom sin, dá dtitfeadh fótón amháin air, go n-athródh sé sin ionad an leictreoin. Mar an gcéanna más mian teocht nó brú nó sruth leictreach a thomhas, ach de ghnáth is beag is fiú an oiread a chuireann an modh tomhais isteach ar an gcóras. Ach ar an leibhéal fo-adamhach, is amhlaidh nach féidir eolas ar leith a thomhas go cruinn. Ní hé ciall an phrionsabail nach bhfuil aon chinnteacht sa bhfisic chandamach, ach nach féidir dhá airí d'aon réad candamach, mar fhuinneamh nó móiminteam nó am nó ionad nó gluaisne, a thomhas go cruinn ag an am céanna.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Prionsabal neamhchinnteachta Heisenberg". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 343.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |