Osclóidh seo an príomhroghchlár
Saighdiúirí 87ú Reisimint na Fraince ag Cath Verdun

Bhí Cath Verdun (Fraincis: Bataille de Verdun) ar cheann de na cathanna is tábhachtaí i rith an Chéad Chogaidh Domhanda ar an Fronta Thiar.

Maraíodh thart ar 300,000 saighdiúirí ar an dá thaobh, sa chath is faide den Chogadh[1]. Tá sé ar na cathanna is marfaí den Chogadh.

ImeachtaíCuir in Eagar

Ar an 21 Feabhra 1916, faoi cheannas an Ghinearáil Erich von Falkenhayn, d'ionsaigh Arm na Gearmáine ceantar daingean tábhachtach ar bhruacha an Meuse in oir-thuaisceart na Fraince. Fearadh an cath ar thalamh dronnlaigh ó thuaidh de bhaile Verdun-sur-Meuse in oirthuaisceart na Fraince.

Ghlac an Ginearál Henri Pétain ceannas ar fhórsaí cosanta Francacha. D'éirígh leo ionsaí na nGearmánach a ruaigeadh.

 
Douaumont

Bhuaigh arm na Fraince ar arm na Gearmáine tar éis don chath leanúint ar aghaidh ó 21 Feabhra go 18 Nollaig 1916.

TagairtíCuir in Eagar

  1. centenaries.ucd.ie. "UCD Decade of Centenaries". Dáta rochtana: 2018.