An India
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is tír í an India (nó Poblacht na hIndia nó an Ind uaireanta) i ndeisceart na hÁise. Is í an seachtú tír ar domhain ó thaobh achair de agus an tír is mó ar domhain ó thaobh daonra de.[1] Is í an daonlathas is mó ar domhain chomh maith.
Sanasaíocht
cuir in eagarTagann an t-ainm "an India" ón Iondúis, atá díorthaithe ón fhocal Sean-Pheirseach Hindu, ón Sanskrit Sindhu, an t-ainm stairiúil áitiúil d'abhainn na hIondúise. Thug na sean-Ghréigigh Indoi (Ινδοί) (pobal na hIondúise) ar na hIndiaigh.
Tugtar "Bharat" ar an India freisin, i mbunreacht na hIndia agus i dteangacha na tíre. Tá an stádas céanna leis an dá fhocal. Tagann Bharat ó ainm an rí finscéalach Bharata i miotaseolaíocht na hIndia.
Tíreolaíocht
cuir in eagarTá imeallbhord 7,517 ciliméadar ag an India ar an Muir Arabach, ar an Aigéan Indiach agus ar Bhá Beangál. Tá teorainn aici leis an bPacastáin, Sín, Neipeal, Bútain, Banglaidéis agus le Maenmar. Tá oileán Shrí Lanca suite amach ó chósta oirdheisceart na hIndia.
Polaitíocht
cuir in eagarIs poblacht í an India agus 29 stát agus seacht gcríoch aontais inti. Is daonlathas parlaiminteach é.
Geilleagar
cuir in eagarBhí an 12ú geilleagar is mó ag an India sa bhliain 2008. Cé go bhfuil geilleagar láidir eascarthach ag an tír, tá an bochtanas, an neamhlitearthacht, agus an galar fós ann mar fhadhbanna mhóra.
Teangacha na hIndia
cuir in eagarIs stát iolraíoch ilteangach il-eitneach í an India sa lá atá inniu ann.
Tá 22 teanga oifigiúil ag an India, is iad an Hiondúis agus Béarla na príomhtheangacha atá in úsáid ag an rialtas cónaidhme. Ba í a dteanga an rud ba mhó a d’fhág na Sasanaigh ina ndiaidh san India.
Is iarchoilíneacht de chuid na Fraince í Pondicherry agus tá cúpla focal Fraincise á labhairt fós ann.
An Ghaeilge
cuir in eagarCé go bhfuil an chuma air ar an scéal sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is ársa ann a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí i gcoitinne ann uair den tsaol idir na hÉireannaigh agus na hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún.
Chuaigh an t-údar Manchán Magan i mbun taighde ar na nascanna atá le feiceáil inár dteanga agus ár miotaseolaíocht mar chuid dá leabhar ‘Brehons and Brahmins’.Tugann sé fa oi deara go raibh an-chuid focail mar an gcéanna leis an Ghaeilge. Ní hamháin sin, ach go dtéann na cosúlachtaí cultúrtha agus miotaseolaíochta siar sa tseanstair, agus tá macallaí ann go fóill.[2]
Stair na hIndia
cuir in eagarAithníodh fo-ilchríoch na hIndia ó thaobh saibhris trádála agus saibhris cultúrtha ar feadh i bhfad. Is ann a bhí sibhialtacht ghleann na hIondúise lonnaithe agus is réigiún bhealaí trádála stairiúla agus impireachtaí stairiúil í freisin.
Tháinig ceithre reiligiún mór ón fo-ilchríoch - an Hiondúchas, an Búdachas, an Jaineachas agus an Suíceachas agus tháinig an Sóróstarachas, an Giúdachas, an Chríostaíocht agus Ioslam roimh 1000AD.
18ú haois
cuir in eagarSan 18ú haois bhí faill ag an bhFrainc ar smacht a fháil ar réimse maith den India. Má theip orthu é sin a dhéanamh ní de cheal dúthrachta agus misnigh é; arís agus arís eile chuaigh a gcuid arm i ngleic le reisimintí na Breataine, agus d’éirigh leo limistéar beag a choinneáil acu féin siar ó dheas ó Mhadras (Chennai) i dTamil Nadu.
19ú haois
cuir in eagarDiaidh ar ndiaidh ón 18ú haois amach, nascghabh Comhlacht na hIndiacha Thoir an fo-ilchríoch agus ba choilíneacht na Ríochta Aontaithe í ó lár an 19ú haois.
1940idí: Críochdheighilt, Trasimirce agus Cinedhíothú
cuir in eagarBhain an India a neamhspleáchas amach sa bhliain 1947. Bhí ar an mBreatain neamhspleáchas a ghéilleadh don India agus tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach.
Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh Puinseáb, mar a bhí, eatarthu. Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann. Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.
Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, chomh maith le Hiondúigh agus Suícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.
Thug Gandhi le tuiscint go raibh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.
Fógraíodh neamhspleáchas India ar an 15 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach.
Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir. [3][4] Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.
An t-ainmhí náisiúnta: an eilifint | ||
---|---|---|
An t-éan náisiúnta | ||
An crann náisiúnta | ||
An bláth náisiúnta | ||
Ainmhí na hoidhreachta náisiúnta | ||
An mamach mara | ||
An reiptíl náisiúnta | ||
Mamach na hoidhreachta náisiúnta | ||
An toradh náisiúnta | ||
An teampall náisiúnta | ||
An abhainn náisiúnta | ||
An sliabh náisiúnta |
Stáit
cuir in eagarIs iad na Stáit seo a leanas ballstáit an India:
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ United Nations Department of Economic and Social Affairs, Sara Hertog, Patrick Gerland, John Wilmoth (2023-06-15). "India Overtakes China as the World’s Most Populous Country" (as en). doi: .
- ↑ Tessa Fleming (2025-01-20). "Seachtain: Manchán Magan – India’s linguistic link leis an Ghaeilge" (ga-IE). Irish Independent. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ Jeffrey Hays. "PARTITION OF INDIA AND PAKISTAN | Facts and Details" (en). factsanddetails.com. Dáta rochtana: 2025-04-06.
- ↑ "The Other Side of Silence". archive.nytimes.com. Dáta rochtana: 2025-04-06.
Stáit na hIndia | |
---|---|
Andhra Pradesh | Arunachal Pradesh | Assam | Biohár | Chhattisgarh | Goa | An Ghúisearáit | Haryana | Himachal Pradesh | Jammu agus Kashmir | Jharkhand | Karnataka | Kerala | Madhya Pradesh | Maharashtra | Manipur | Meghalaya | Mizoram | Nagaland | Odisha | Puinseáb | Rajasthan | Sikkim | Tamil Nadu | Telangana | Tripura | Uttar Pradesh | Uttarakhand | Beangál Thiar |