Cinedhíothú
Is é is brí le Cinedhíothú ná iarracht grúpa mór daoine a mharú. Tá an grúpa seo dírithe, de bharr a gcuid difríochtaí, idirchultúrtha nó idirchreidmheacha de ghnáth (cine, náisiúntacht, reiligiún, srl). Tá na daoine seo neamhchiontach agus gan cosaint.[1]


Ar an 9 Nollaig gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin agus Dínite d’Íospartaigh Choir an Chinedhíothaithe agus um Chosc na Coire sin.[2]
Cinedhíothú sa stairCuir in Eagar
- Cinedhíothú na nAirméanach: an ródach a rinneadh ar phobal Airméanach na Tuirce sna blianta 1915-17, nuair a bhí páirtí na dTurcach Óg i gceannas ar Impireacht Otamánach[3]..
- An t-Uileloscadh: an t-ollscriosadh a rinne na Naitsithe ar na Giúdaigh, na Romaigh agus grúpaí eile, le linn an Dara Cogadh Domhanda.
- Ar an 26 Márta 1971, thosaigh an oibríocht mhíleata "solas cuardaigh". D'ionsaigh an Phacastáin Thiar na náisiúnaí sa Bhanglaidéis. Tharla cinedhíothú ina dhiaidh sin. Dúnmharaíodh go barbartha 300-500,000 (3 milliún a deir an rialtas inniu).
- Ar an 6 Aibreán 1994, maraíodh Uachtarán Ruanda, Juvénal Habyariman. Thosaigh cinedhíothú go gairid ina dhiaidh sin.
- 11 Iúil 1995: thosaigh sléacht ar phobal Srebrenica, Mhoslamaigh in oirthear Bhosnia.
- Bhí cinedhíothú i nDarfur sa Súdáin sa bhliain 2007, dár le rialtais Stáit Aontaithe Mheiriceá agus cumainn charthanachta ar nós Músaem na h-Uileloscadh.
BeartannaCuir in Eagar
Sa bhliain 2014, chuir an tAontas Eorpach a thiomantas in iúl maidir le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas a mbeartas seachtrach agus inmheánach a áirithiú agus é ag cur i gcoinne daoine bheith ag dul saor ó phionós i gcoir an chinedhíothaithe, coireanna in aghaidh na daonnachta agus coireanna cogaidh ('bunchoireanna idirnáisiúnta').[4]
Féach freisinCuir in Eagar
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Ciarán Mac Aonghusa. "Dul Chun Cinn an Chine Dhaonna" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-07-11.
- ↑ "International Day of Commemoration and Dignity of the Victims of the Crime of Genocide and of the Prevention of this Crime". www.un.org. Dáta rochtana: 2021-12-09.
- ↑ Alex Hijmans, tuairisc.ie, 24 Aibreán 2015
- ↑ An tAontas Eorpach (2014). "Straitéis Líonra AE um Chinedhíothú". Dáta rochtana: 2021.