Is tír atá suite i ndeisceart na hÁise í an Phacastáin, (Urdais: پاکستان) nó Poblacht Ioslamach na Pacastáine go hoifigiúil.

Infotaula de geografia políticaAn Phacastáin
پاکستان (ur) Edit the value on Wikidata
Flag of Pakistan (en) Coat of Arms of Pakistan (en)
Flag of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Coat of Arms of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cathair

Aintiún Qaumi Taranah (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata

Mana «Iman, Ittihad, Nazm (en) Aistrigh» Edit the value on Wikidata
Ainmnithe in ómós cleanliness (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Suíomh
Pakistan on the globe (de-facto and claimed hatched) (Afro-Eurasia centered).svg Edit the value on Wikidata
 30°N 71°E / 30°N 71°E / 30; 71

Príomhchathair Islamabad Edit the value on Wikidata
Daonra
Iomlán 216,565,318 (2019) Edit the value on Wikidata
Teanga, nó leagan teanga An Béarla
An Urdais Edit the value on Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla 881,913 km² Edit the value on Wikidata
Pointe is airde K2 (8,611 m) Edit the value on Wikidata
Pointe is ísle Muir Arabach (0 m) Edit the value on Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/sí Réimeas Briotanach, Provinces of India (en) Aistrigh agus Dominion of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Cruthú Lúnasa 14, 1947
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtais federal republic (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháin Government of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Comhlacht reachtach Parliament of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
• President of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Arif Alvi (2018) Edit the value on Wikidata
• Prime Minister of Pakistan (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata Imran Khan (Lúnasa 18, 2018) Edit the value on Wikidata
Eacnamaíocht
Nominal GDP (en) Aistrigh

304,951,818,494.07 $ (2017) Edit the value on Wikidata

)
Nominal GDP per capita (en) Aistrigh 1,547 $ (2017) Edit the value on Wikidata
Cúlchiste iomlán 18,455,861,310 $ (2017) Edit the value on Wikidata
Airgeadra Pakistani rupee (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
UTC+05:00 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Fearann Idirlín barrleibhéil .pk (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Telephone numbering plan (en) Aistrigh +92 Edit the value on Wikidata
Emergency phone number (en) Aistrigh 1122 (en) Aistrigh, 15 (en) Aistrigh agus 16 (en) Aistrigh Edit the value on Wikidata
Eile

Láithreán Gréasáin pakistan.gov.pk Edit the value on Wikidata

TíreolaíochtCuir in Eagar

Tá imeallbhord aici de 1046-ciliméadar (650 míle) ar feadh chósta an Mhuir Arabach agus Mhurascaill Óman sa taobh ó dheas agus tá teorainneacha aici leis an Afganastáin agus an Iaráin san iarthar, an India san oirthear agus an tSín i bhfad san oirthuaisceart. Luíonn an Táidsíceastáin freisin an-ghar don Phacastáin, ach tá sí deighilte uaithi ag an Chonair Wakhan.

An séú tír is mó sa domhan de réir daonra atá ann, agus an dara tír Ioslamach is mó.

Príomhchathair na Pacastáine í Islamabad (Urdais: اسلام آباد, "áitreabh an Ioslaim") atá suite in iarthuaisceart na tíre. Tógadh Islamabad sna 1960í chun a bheith ina príomhchathair nua.

Is í Karachi an chathair is mó sa Phacastáin. Tá sí suite ar Mhuir na hAraibe.

DaonraCuir in Eagar

  • Is í an Bhalúcastáin an cúige is mó de réir limistéar geografach sa Phacastáin, a chomhdhéanann thart ar 48% d'achar iomlán na tíre, sé sin, 40% den tír. Thug an daonáireamh sa bhliain 1998 le fios go raibh daonra de thart ar 6.5 milliún aici. Tá an Bhalúcastáin níos boichte agus tá a dhaonra níos ísle ná an chuid eile den Phacastáin.
  • an Phuinseáib (nó an Phainseáib) (Puinseáibis: پنجاب, ਪੰਜਾਬ, Urdais: پنجاب, Hiondúis: पंजाब, Peirsis: پنجاب, panj-ab, "cúig-uisce"), ina réigiún ar dhá thaobh na teorann idir Puinseaib na Pacastáine agus Puinseaib an India.[1]
  • Treabh jat is ea an Dhothar. Tá siad ina gcónaí in Punjab, cúige de chuid na Pacastáine,

TeangachaCuir in Eagar

  • Is teanga í an Urdais a labhraítear sa Phacastáin agus san India. Le fírinne, is ionann iad an Urdais agus an Hiondúis, ach amháin go bhfuil an Hiondúis á labhairt ag na Hiondúigh, agus an Urdais ag na Muslamaigh Indiacha agus Phacastánacha. Scríobhtar an Urdais leis na litreacha Arabacha, agus an Hiondúis leis na litreacha Déiveanágracha. Thairis sin, is iomaí focal Araibise agus Peirsise a úsáidtear sa leagan scríofa den Urdais.
  • Tá an Phuinseáibis (ਪੰਜਾਬੀ) ar an aonú teanga déag is mó a labhraítear ar fud an domhain, agus í á labhairt ag timpeall is céad milliún duine san India agus sa Phacastáin thar aon áit eile.

StairCuir in Eagar

1940idí: Críochdheighilt, Trasimirce agus CinedhíothúCuir in Eagar

 
Jinnah (pobalóir moslamach) agus Gandi ( tugtha don aislingeacht), 1944

Bunaíodh an stát nua-aimseartha sa bhliain 1947. Bhí ar an mBreatain neamhspleáchas a ghéilleadh don India agus tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach.

Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an Phacastáin agus India sa bhliain 1947. Bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais. Roinneadh an Phuinseáib, mar a bhí, eatarthu.

 
Nuachtáin, 1944: "formula (=> críochdheighilt ) approved by Gandhi"

Sna 1940idí, bhí Muhammad Ali Jinnah ina cheannaire ar Chumann na Moslamach. Páirtí pobalach a bhí ann.  Ghríosaigh óráid Jinnah an teannas ciníoch, de réir a chéile. Is cosúil gur thacaigh tromlach millteanach na Moslamach an críochdheighilt i 1947, ach ní raibh sé mar sin tamall de bhlianta roimh 1947.

 
1947: an trasimirce is mó riamh

Bhí Moslamaigh ina gcónaí san India le fada an lá, ur le hur le Hiondúigh agus le Saícigh. Bhí an fanaiceacht chreidimh ann i gcónaí, ach bhí an teannas ag cur thar maoil i 1947.

Thug Gandhi le tuiscint go riabh sé glan i gcoinne an chríochdheighilt. Ach tá na staraí den tuairim inniu go raibh sé mí-ionraic. Bhí Gandhi réidh le teacht ar chomhréiteach. Ach ní raibh sé sásta sciar den fhreagracht a ghlacadh. Agus bhí Rialtas na Ríochta Aontaithe ag séanadh a bhfreagracht chomh maith.

Fógraíodh neamhspleáchas ar an 14 Lúnasa 1947. Bhain an stát nua Stádas Tiarnais (Dominion Status i mBéarla) amach. nuair a scaradh í ón India.

Tharla cinedhíothú le linn na tréimhse seo. Líon iomlán na marbh: 1-2 milliún b'fhéidir[2]. Tharla trasimirce ollmhór; tugadh bata is bóthar do 12 milliún, an trasimirce is mó riamh i stair an domhain.

1950idíCuir in Eagar

Fógraíodh Poblacht Ioslamach ar an 23 Márta 1956.

1970idíCuir in Eagar

Bhí Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin sna 1970idí. Cuireadh é as oifig i mí Iúil 1977 i gcoup síochánta. Ghlac an Ginearál Zia an chumhacht chuige féin. Cuireadh Zulfikar chun báis dhá bhliain níos déanaí.

1980idí ar aghaidhCuir in Eagar

Bhí Benazir Bhutto ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.[3]

Meastar go bhfuil an seachtú harm is mó sa domhan ag an bPacastáin, agus airm núicléacha chomh maith. Ar an 14 Lúnasa 1998, bhí olc ar an domhan nuair a tugadh le fios gur phléasc an Phacastáin gairis núicléacha faoin talamh.

Tháinig an Ginearál Pervez Musharraf isteach san oifig ar 20 Meitheamh 2001, tar éis coup d’état ar 12 Deireadh Fómhair 1999. D'éirigh sé as a phost ar an 18 Lúnasa 2008.[4]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Singh, Pritam (2008). "Federalism, Nationalism and Development: India and the Punjab Economy": 3. Routledge. 
  2. http://factsanddetails.com/india/History/sub7_1e/entry-4132.html http://www.nytimes.com/books/first/b/butalia-silence.html
  3. http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7161590.stm
  4. http://news.bbc.co.uk/2/hi/south_asia/7567451.stm



Comhlathas na Náisiún
  Antigua agus Barbúda  An Astráil

  Na Bahámaí  An Bhanglaidéis  Barbadós  An Bheilís  An Bhotsuáin  Brúiné  Camarún  Ceanada  An Chipir  Doiminice  Fidsí  Gána  Grenada  an Ghuáin  India  Iamáice  An Chéinia  Cireabaití  Leosóta  An Mhaláiv  An Mhalaeisia  Oileáin Mhaildíve  Málta  Oileán Mhuirís  Mósaimbíc  An Namaib  Nárú  Nua-Shéalainn  An Nigéir  An Phacastáin  Nua-Ghuine Phapua  Ruanda  San Críostóir-Nimheas  San Lucia  San Uinseann agus na Greanáidíní  Samó  Na Séiséil  Siarra Leon  Singeapór  Oileáin Sholamón  An Afraic Theas  Srí Lanca  An tSuasalainn  An Tansáin  Tonga  Oileán na Tríonóide agus Tobága  Tuvalu  Uganda  Vanuatú  An tSaimbia