An Urdúis
Is teanga atá á labhairt sa Phacastáin agus i dTuaisceart na hIndia é an Urdúis nó Urdu i mBéarla (freisin ar a dtugtar Lashkari go háitiúil[1][2] litrithe لشکری). Go deimhin, is iad Urdúis agus Hiondúis iad, ach amháin go bhfuil na hIndiaigh ag labhairt Hiondúis, agus an Urdúis ag na Moslamaigh Indiach agus Pacastáine.
Urdúis (Urdū (Lashkari) (لشکری) اُردو) | |
---|---|
Á labhairt: | sa Phacastáin, san India |
Réigiún: | Deisceart na hÁise |
Cainteoirí san Iomlán: | 61 milliún |
Rang: | 19-21 (in aice leis an Iodáilis agus an Tuircis |
Líne ghinealaigh: | Ind-Eorpach Ind-Iaráinis |
Stádas Oifigiúil | |
Teanga Oifigiúil: | na Pacastáine, na hIndia |
Foras Pleanála Teanga: | Rialtóir ar bith |
Cóid teangeolaíocha | |
ISO 639-1 | ur |
ISO 639-2 | urd |
ISO 639-3 | urd |
Amharc ar: Teanga – Liosta Teangacha |
Scríobhann Urdúis leis na litreacha Arabacha, agus Hiondúis leis na litreacha Benedictineacha. Ina theannta sin, úsáidtear go leor focail Araibis agus Peirsis sa leagan scríofa Urdúis. Ar an taobh eile, tá na hIndiaigh ag iarraidh a dteanga féin a shaibhriú le focail Sanscrait.
Tá an Urdúis ag seasca-seachtó milliún duine ó dhúchas, ach thairis sin, mar theanga oifigiúil sa Phacastáin, caithfidh muintir na tíre sin í a fhoghlaim mar dhara teanga, agus mar sin, is féidir a rá go bhfuil sí go líofa ag oiread eile de dhaoine. Ceann de theangacha oifigiúla na hIndia í freisin, chomh maith leis an Hiondúis agus le teangacha na réigiún.
Tá litríocht shaibhir ag an Urdúis. Faoi thionchar na Peirsise, tháinig sraith de chineálacha éagsúla filíochta ar an bhfód le fada, ach ar na saolta seo, scríobhtar go leor úrscéalta agus saothar próis eile freisin. Is follasach go raibh an litríocht Bhéarla ina réamhshampla agus ina spreagadh mór ag na húrscéalaithe.
Mar sin féin, is iad na gearrscéalta an seánra is tábhachtaí i bprós na hUrdaise, cosúil leis an nGaeilge. Gearrscéalaithe tábhachtacha Urdaise iad Saadat Hasan Manto, Qurat-ul-Ain Haider, Munshi Premchand, Ismat Chughtai, Krishan Chander, Ghulam Abbas, Banu Qudsia agus Ahmed Nadeem Qasmi.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ https://www.scribd.com/doc/273226768/URDU-LASHKARI-ZUBAN-pdf
- ↑ Alyssa Ayres (23 July 2009). "Speaking Like a State: Language and Nationalism in Pakistan": 19–. Cambridge University Press.