Ba pholaiteoir Pacastánach í Benazir Bhutto (Urdúis: بینظیر بھٹ), a rugadh ar an 21 Meitheamh 1953 i gKarachi. Bhí sí ar an gcéad bhean a toghadh mar cheannaire ar stát Moslamach. Bhí sí ina príomhaire ar an bPacastáin idir na blianta 1988 agus 1990, agus arís ón mbliain 1993 go 1996. Feallmharaíodh í ar an 27 Nollaig, 2007 tar éis slógaidh pholaitiúil.[1] Bhí a hathair Zulfikar Ali Bhutto ina phríomhaire ar an bPacastáin freisin sna 1970idí, sular crochadh é sa bhliain 1979.

Infotaula de personaBenazir Bhutto

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ur) بینَظِیر بُھٹّو
(sd) بينظير ڀُٽو‎
Beathaisnéis
Breith21 Meitheamh 1953
Karachi (Impireacht na Breataine)
Bás27 Nollaig 2007
54 bliana d'aois
Rawalpindi Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Ionsaí sceimhlitheoireachta)
Áit adhlacthaMausoleum of Zulfikar Ali Bhutto (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Leader of the Opposition (en) Aistrigh
17 Feabhra 1997 – 12 Deireadh Fómhair 1999
← Nawaz SharifFazal-ur-Rehman →
Finance Minister of Pakistan (en) Aistrigh
26 Eanáir 1994 – 10 Deireadh Fómhair 1996
Príomh-Aire na Pacastáine
19 Deireadh Fómhair 1993 – 5 Samhain 1996
← Moeenuddin Ahmad QureshiMalik Meraj Khalid →
Leader of the Opposition (en) Aistrigh
6 Samhain 1990 – 18 Aibreán 1993
← Khan Abdul Wali KhanNawaz Sharif →
Aire Cosanta na Pacastáine
4 Nollaig 1988 – 6 Lúnasa 1990
Príomh-Aire na Pacastáine
2 Nollaig 1988 – 6 Lúnasa 1990
← Muhammad Khan JunejoGhulam Mustafa Jatoi → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Radcliffe
Karachi Grammar School (en) Aistrigh
Convent of Jesus and Mary, Murree (en) Aistrigh
Presentation Convent Girls High School (en) Aistrigh
Convent of Jesus and Mary, Karachi (en) Aistrigh
Ollscoil Harvard
St Catherine's College (en) Aistrigh
Lady Margaret Hall (en) Aistrigh
Eliot House (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilDochtúir Eolaíochtaí
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Phobal na Pacastáine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Urdúis agus Béarla
Eile
TeaghlachBhutto family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileAsif Ali Zardari Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteBilawal Bhutto Zardari, Bakhtawar Zardari Bhutto, Aseefa Bhutto Zardari Cuir in eagar ar Wikidata
AthairZulfikar Ali Bhutto  agus Nusrat Bhutto
SiblínSanam Bhutto, Shahnawaz Bhutto agus Murtaza Bhutto
Ciontaíodh imoney laundering (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbenazirbhutto.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1567097 Musicbrainz: 4224e14c-fc36-447d-91c0-dddae4fcd7f2 Find a Grave: 23574601 Cuir in eagar ar Wikidata

Óige cuir in eagar

Rugadh í ar 21 Meitheamh 1953. Bhí an-bhaint ag a muintir leis an bpolaitíocht agus seilbh acu ar thailte móra sa tSind. Ba é Zulfikar Alî Bhutto a hathair agus ba í an Béagam Nusrat Ispahani Bhutto, Ioránach, a máthair. Chuaigh sí ar scoileanna Caitliceacha agus bhain amach Meiriceá, áit ar ghnóthaigh sí BA le honóracha in Harvard. In Oxford thug sí faoin bhfealsúnacht, faoin bpolaitíocht agus faoin ngeilleagar, in éineacht le reachtaíocht idirnáisiúnta agus le taidhleoireacht.

Teaghlach cuir in eagar

D'fhill Benazir abhaile sa bhliain 1977 chun dul i mbun na taidhleoireachta, ach bhris an t-arm a hathair, arbh é an Príomh-Aire é ag an am, agus crochadh é tar éis é a chiontú i ndúnmharú (cé nach raibh ní raibh bonn ceart faoin gcúiseamh ina choinne). Ruaigeadh Benazir Bhutto agus a máthair chun na Breataine, agus fuair deartháir léi bás sa Fhrainc, bás nach raibh saor ó amhras.

Phós sí Asif Ali Zardari sa bhliain 1987, agus bhí triúr clainne acu.

Polaitíocht cuir in eagar

Chuaigh sí i gceannas ar Pháirtí Phobal na Pacastáine, agus é faoin lánsmacht aici go lá a báis. D'fhill sí abhaile sa bhliain 1986, bhain amach bua sna toghcháin agus chuaigh i réim. (d'éag Zia ul-Haq, an ginearál a chroch a hathair, idir an dá linn i dtuairt eitleáin)/.

D'éirigh leis an Uachtarán Ghulam Ishaq Khan í a bhriseadh ar shéala na caimiléireachta sa bhliain 1990; i gceann tamaill fógraíodh neamhchiontach í agus tháinig sí i réim arís. Chuaigh sí i bpáirt le polaiteoirí eile agus leis na ginearáil, agus go fiú le Jamiat Ulema-e-lslami, dream coimeádach Ioslamach. D'oir sin don chaidreamh a bhí a rialtas ag iarraidh a dhéanamh leis na Talaban ar maithe le teorainn neamhchorrach agus le comhchaidreamh le tíortha iarShóivéideacha i lár na hÁise.

 
1988

Chuir sí i leith an Uachtaráin Farooq Leghari go raibh baint aige le marú a dearthár Murtaza; chuir cairde Mhurtaza an choir chéanna ina leithse. Briseadh arís í agus chaill a páirtí na toghcháin. Chuaigh sí thar lear ar eagla a naimhde, ach d'fhill nuair a thug an tUachatarán nua Pervez Musharraf pardún di féin agus dá fear céile. (Bhí an Ginearál Musharraf tar éis teacht i réim mar cheannaire rialtais mhíleata.)

Sa bhliain 2007 a tháinig Benazir Bhutto ar ais, agus an-fháilte roimpi, ach rinneadh ionsaithe uirthi; tháinig sí slán ó ionsaí féinmharaithe a d'fhág 136 duine marbh. D'fhógair an tUachtarán Musharraf toghcháin nua, ach bhí caibidlí deacra aige féin agus ag Benazir Bhutto lena chéile idir an dá linn: coinníodh sa bhaile ar feadh tamaill í.

 
Benazir Bhutto á cur féin in iúl os comhair a lucht leanúna.

Feallmharú cuir in eagar

Ar 27 Nollaig 2007, agus Benazir Bhutto ar an mbealach chun cruinnithe de chuid a páirtí i Rawalpindi, rinne fear a bhí in aice léi buama a phléascadh; gortaíodh í féin agus mórán eile, agus bhásaigh sí san ospidéal. Tógadh círéibeacha; d'fhógair urlabhra de chuid al-Qaida gurbh iadsan ba chúis leis an bpléascadh ach shéan urlabhra eile é.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Benazir Bhutto killed in attack" (en-GB) (2007-12-27). Dáta rochtana: 2021-03-15.