Is grúpa eitneach Eorpach iad na Romaigh. Is í an Romainis a bpríomhtheanga.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaRomaigh


Cineálgrúpa eitneach agus lucht siúil san Eoraip
Daonra iomlán4,373,000 Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Romainis, Domari (en) Aistrigh agus Lomavren (en) Aistrigh
CreideamhAn Chríostaíocht, Ioslam, An Búdachas agus An Giúdachas
EapainmArameans (en) Aistrigh

Léiríonn an fhianaise theangeolaíoch agus ghéiniteach gur ó fhó-ilchríoch na hIndia a tháinig na Romaigh ar dtús. Tá siad scaipthe ar fud na hEorpa agus iarthar na hÁise anois ó d'imigh siad siar thart ar an 14ú haois, agus rinne cuid acu imirce go Críocha Mheiriceá ón 19ú haois i leith. (Cé go meastar go bhfuil 619,007–1,850,000 Romach ina gcónaí sa Rómáin, an dara dhaonra is mó díobh san Eoraip, ní ón tír sin a thagas a n-ainm).

Is minic a dhéantar na Romaigh a mheascadh suas le lucht siúil na hÉireann agus leis an bpobal Iéineach, grúpaí eitneacha atá éagsúil leis na Romaigh.

Romaigh
Céatadán na Romach san Eoraip

Ainm cuir in eagar

Rom an focal ar "fear céile" sa teanga Romainise, agus úsáidtear é, agus an leagan iolra, Roma, go forleathan anois le cur síos a dhéanamh ar an gcine ar fad.

Géarleanúint cuir in eagar

Ar cheann de na géarleanúintí ba mhó a dhéantaí in aghaidh na Romach ná sclábhaithe a dhéanamh díobh, agus níor saoradh cuid díobh sa gceantar ina bhfuil an Rómáin anois go dtí an 19ú haois. Nuair a thosaíodar á scaipeadh féin ar fud na hEorpa sa 15ú haois go háirithe, measadh gur spiairí de chuid na nOtamánach a bhí iontu. Déanadh iarrachtaí glanadh eitneach a dhéanamh orthu go dtí le fíordhéanaí. Mar shampla, tharla "Locadh Mór na Romach" sa Spáinn i 1749, agus maraíodh idir 250,000 agus 1.5 milliún díobh san Uileloscadh.