Is éard atá sa bPobal Iéineach (Gearmáinis: Jenische; Fraincis: Yéniche) ná grúpa taistil a bhfuil cónaí orthu den chuid is mó sa nGearmáin, san Ostair, san Eilvéis, i Lucsamburg, sa mBeilg, agus i gcodanna den Fhrainc. I measc na dteoiricí faoina mbunús, tá an smaoineamh gur ó dhaoine imeallaithe a shíolraíos siad, agus gur dream ar leith a bhí iontu faoi thús na 19ú haoise. Ar aon chuma, tá na hIéinigh éagsúil leis na Romaigh, arb iad sin an grúpa taistil is mó san Eoraip.

WD Bosca Sonraí Grúpa DaonnaAn Pobal Iéineach

Cineálgrúpa eitneach agus lucht siúil san Eoraip
TeangaIéinis

Ainm cuir in eagar

Feictear an téarma jenische ag tagairt do bhéarlagair, béarlagair gadaithe ach go háirithe, go luath sa 18ú haois. Sa gcéad leath den 19ú haois, tosaíodh ar é a úsáid ag tagairt don ghrúpa seo, mar gur measadh an seantéarma, Jauner, a bheith cáinteach, de réir dealraimh.

Tagairtí cuir in eagar