An Chéinia
Is tír san Afraic í an Chéinia. Is í Nairobi an phríomhchathair. Iar-choilíneacht de chuid na Breataine is ea í.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Jamhuri ya Kenya (sw) Republic of Kenya (en) ![]() | |||||
|
|||||
Cathair | |||||
Aintiún | Ee Mungu Nguvu Yetu ![]() | ||||
Mana | «Harambee (en) ![]() ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Mount Kenya (en) ![]() ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Nairobi ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 48,468,138 (2017) ![]() | ||||
• Dlús | 83.38 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | An Svahaílis an Béarla ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | An Afraic Thoir ![]() | ||||
Achar dromchla | 581,309 km² ![]() | ||||
Pointe is airde | Mount Kenya (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | An tAigéan Indiach (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Commonwealth realm of Kenya (en) ![]() ![]() | ||||
Cruthú | 1963 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Government of Kenya (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Parliament of Kenya (en) ![]() ![]() | ||||
• President of Kenya (en) ![]() ![]() | William Ruto (2022–) ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | Kenyan shilling (en) ![]() ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ke ![]() | ||||
Glaochód | +254 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112 agus 999 ![]() | ||||
Cód tíre | KE ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | president.go.ke ![]() |
Muintir na CéiniaCuir in Eagar
Tá tuairim is 40 milliún duine ina gcónaí sa Chéinia. Tá idir Bhéarla agus Kiswahili ag a bhformhór. Ná grúpaí eitneacha is mó ná: Kikuyu 22%, Luhya 14%, Luo 13%, Kalenjin 12%, Kamba 11%, Kisii 6%, Meru 6%, Afracaigh eile 15%, Áisigh/Eorpaigh/Arabaigh 1%. Is í an Chríostaíocht an príomhchreideamh (Protastúnaigh 45%, Caitlicigh 33%), ach is iomaí creideamh eile atá ann.
Na cathracha is móCuir in Eagar
Nairobi, Mombasa, Kisumu, Nakuru agus Eldoret. Is í Nairobi an chathair is mó, agus tá breis is trí mhilliún duine ina gcónaí ann.
StairCuir in Eagar
Éirí Amach na Mau MauCuir in Eagar
An faltanas a bhí ag muintir na Céinia in aghaidh na Sasanach le fada an lá, toisc an dóigh ar roinneadh na tailte sa tír sin. Tháinig na fadhbanna seo chun solais sa bhliain 1951, agus Aontas Afracach na Céinia ag éileamh tuilleadh ionadaíochta do na bundúchasaigh i rialú agus i riarachán na tíre, chomh maith le athroinnt na talún.
Nuair a diúltaíodh do na héilimh seo, fuair lucht an antoisceachais seilbh ar an ngluaiseacht, agus chuaigh muintir na Céinia chun cearmansaíochta ar na Sasanaigh.
B'é sin Éirí Amach Mau Mau, mar a thugtar air in annálacha na staire. Ar an 17 Lúnasa 1952, cuireadh staid éigeandála i bhfeidhm ar an tír, agus tuilleadh fórsaí armtha ag teacht le heitleáin ón mBreatain Mhór in aghaidh an lae leis an éirí amach a chloí. Chuaigh na cúrsaí an oiread sin chun géaradais is go bhféadfá a rá go raibh an Chéinia ar bharr lasrach le cogadh cathartha.
Sa bhliain 1953, rinne na ceannaircí ródach mór ar dhílseoirí ar de threibh Kikuyu iad. Chuir an t-ár seo - sléacht Lari, mar a thugtar air - malairt chuma ar fad ar pholaitíocht an éirí amach, agus fuair na Sasanaigh ar ais cuid den dea-chlú a bhí caillte acu i rith an chogaidh. Ar an 8 Aibreán 1953, gearradh téarma príosúnachta seacht mbliana le daorobair ar Jomo Kenyatta, as an mbaint a bhí aige le gluaiseacht Mau Mau.
B'é an cineál straitéis a bhí ag Churchill ná an lámh láidir mhíleata a imirt gan trócaire ar na ceannaircí agus na héilimh a shásamh a bhí ag na hAfraicigh a chur chun tosaigh ar dtús, go dtí an diúltú a fuair siad ó rialtas Attlee.
Cheap Winston Churchill an Ginearál Sior George Erskine leis an éirí amach a chur faoi chois i Nairobi, rud a rinne sé leis an oibríocht ar ar tugadh An Inneoin, sa bhliain 1954. Ina dhiaidh sin, chuathas i dtuilleamaí an Chasúir (oibríocht mhíleata eile) le deireadh a chur leis an gceannairc faoin tuath. D'ordaigh Churchill comhchainteanna síochána a chur ar bun le muintir na Céinia, ach theip ar na cainteanna seo agus eisean ina phríomh-aire go fóill.
TagairtíCuir in Eagar
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Comhlathas na Náisiún | ||
---|---|---|
Antigua agus Barbúda • An Astráil
• Na Bahámaí • An Bhanglaidéis • Barbadós • An Bheilís • An Bhotsuáin • Brúiné • Camarún• Ceanada • An Chipir • Doiminice • Fidsí • Esuaitíní • Gána • Grenada • an Ghuáin • India • Iamáice • An Chéinia • Cireabaití • Leosóta • An Mhaláiv • An Mhalaeisia • Oileáin Mhaildíve • Málta • Oileán Mhuirís • Mósaimbíc • An Namaib • Nárú • Nua-Shéalainn • An Nigéir • An Phacastáin • Nua-Ghuine Phapua • Ruanda • San Críostóir-Nimheas • San Lucia • San Uinseann agus na Greanáidíní • Samó • Na Séiséil • Siarra Leon • Singeapór • Oileáin Sholamón • An Afraic Theas • Srí Lanca • An Tansáin • Tonga • Oileán na Tríonóide agus Tobága • Tuvalu • Uganda • Vanuatú • An tSaimbia |