An Páirtí Coimeádach (An Ríocht Aontaithe)
Tá An Páirtí Coimeádach (Leasainm: Na Tóraithe; Ainm Oifigiúil: An Páirtí Coimeádach agus Aontachtach) ar cheann de na páirtithe polaitiúla is sine agus is mó sa Ríocht Aontaithe. Glacann sé seasamh eite dheis ar cheisteanna eacnamaíochta, agus seasamh coimeádach ar cheisteanna sóisialta. Molann an páirtí . Tá sé ar an bpáirtí is mó i Rialtas na Ríochta Aontaithe ó 2010, agus is eisean an t-aon pháirtí amháin sa rialtas ó 2015. In olltoghchán is déanaí na Ríochta Aontaithe, i Mí Nollag 2019, bhuaigh an páirtí 365 ceann de na 650 suíomh a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, teach íochtarach Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, agus 43.6% de na guthanna.
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | Con agus المحافظين ![]() |
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Coimeádachas aontachtas sa Ríocht Aontaithe liobrálachas eacnamaíoch ![]() |
Ailíniú polaitíochta | ar dheis ón lár ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | Nollaig 18, 1834 (<Nollaig 19, 1834), Londain ![]() |
Bunaitheoir(í) | Robert Peel ![]() |
Gníomhaíocht | |
Ball de | European Conservatives and Reformists Party (en) ![]() ![]() |
Ballraíocht | 172,437 (2022) ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceannceathrú | |
Uachtaránacht | Rishi Sunak (2022–) ![]() |
Ceannaire an Pháirtí Caomhaigh ![]() | Boris Johnson ![]() |
Youth wing | Young Conservatives (en) ![]() ![]() |
Fochomhlacht | |
Le cuid | |
Maoiniú | (Lubov Chernukhin (en) ![]() ![]() |
Funder (en) ![]() | Lubov Chernukhin (en) ![]() ![]() |
Eile | |
Dath | ![]() |
Suíomh gréasáin | conservatives.com ![]() |
I rialtas na Ríochta Aontaithe 2010–2015Cuir in Eagar
Caiteachtas rialtaisCuir in Eagar
In olltoghchán na bliana 2010, bhain na Coimeádaigh, faoi cheannas David Cameron, 306 de na 650 suíomh i Westminster amach, rud a cheadaigh dóibh rialtas a chur le chéile in éindí leis an bPáirtí Daonlathach Liobrálach. Chuaigh na Coimeádaigh isteach san olltoghchán ag gealladh easnamh bhúiste an rialtais a mhaolú agus ag gealladh 'stát níos lú': agus mar sin, ghearr an rialtas sin a lán caithimh rialtais. Idir 2010 agus 2015, thit leibhéal chaitheamh an rialtais mar 2.6% san iomlán. Bhí difríochtaí móra idir ranna difriúla – mar shampla, ardaíodh caitheamh ar shláinte mar 2.7% (cé gur éirigh éileamh ar aire sláinte níos tapaí fós), fad is gur gearraíodh an méid airgid a thugtaí do chomhairlí áitiúla mar thimpeall ar 33%.[1]
Ag deireadh an téarma sin, i 2015, bhí an easnamh búiste tite ó £153.5 billiún sa bhliain go £88.0 billiún sa bhliain: maolú mar sin, cé nach raibh an t-easnamh seo dulta ar ceal san iomlán mar ba aidhm i bhforógra na bliana 2010.[2][3] Ar an láimh eile, cáineadh an rialtas mar gheall ar thionchar neamhionann na ngearrúchán: sna chéad cheithre bliana, mhaolaigh athruithe i gcaitheamh an rialtais ioncam gach cinn de na cúig dheicheatán is boichte sa Ríocht Aontaithe – mar beagnach 3%, an t-athrú is mó, don deicheatán is boiche ar fad – fad is gur mhéadaigh siad ioncam gach cinn de na cúig dheicheatán is saibhre ach amháin an deicheatán is saibhre ar fad.[1]
CánachaCuir in Eagar
Sa bhliain 2010, d'ardaigh an rialtas cáin bhreisluacha na Ríochta Aontaithe ó 17.5% go 20%.[4] Ar an taobh eile, ar feadh an téarma 2010-2015 ar fad, ghearr siad ráta na cánach comhlachta ó 28% go 20% (cé go ndearna athruithe eile ar fheidhmíocht na cánach seo cúiteamh ar an ngearrúchán).[5][6][7] Sa bhliain 2012, mhaolaigh siad an ráta ar bhanda is airde na cánach ioncaim chomh maith, é ag dul ó 50% go 45%.[8]
Reifreann ar an Vótáil Chomórtais DheabhaighCuir in Eagar
Mar chuid den mhargadh comhcheangail idir an bPáirtí Coimeádach agus an bPáirtí Daonlathach Liobrálach, d'aontaigh an dá pháirtí sa chomhrialtas reifreann a dhéanamh ar córas olltoghchán na Ríochta Aontaithe a athrú ón córas 'First-Past-the-Post' go córas Vótála Chomórtais Dheabhaigh (Instant Runoff Voting (en)) – beart ar thacaigh na Daonlathaigh Liobrálacha leis, cé go raibh an Páirtí Coimeádach ina aghaidh. I rith feachtais an reifrinn, rinne an Páirtí Coimeádach feachtas ina aghaidh. Faoi dheireadh, theip ar an mbeart, agus 32% den vóta buaite aige, i comórtas le 68% ina aghaidh.[9][10]
An Pósadh ComhghnéisCuir in Eagar
Sa bhliain 2011, d'fhógair an rialtas go mbeadh comhairliúchán ar dlí ar son an phósta chomhghnéis, comhairliúchán a leainseáladh ar 12ú Mhí Mhárta 2012.[11] Bhain an comhairliúchán seo ach amháin le Sasana agus an Bhreatain Bheag, toisc gurb iad Tionól Thuaisceart Éireann agus Parlaimint na hAlban atá freagrach ar reachtaíocht an phósta ina ndlínsí faoi seach. Sa bhliain 2013, tháinig bille chun aitheantas a thabhairt sa dlí don phósadh comhghnéis roimh Pharlaimint; vótáil 127 baill Choimeádacha (Cameron, a raibh ról suntasach aige san fheachtas ar son an bhille, ina measc) ar a shon, agus 137 ina aghaidh, ach tháinig an bille isteach sa dlí mar gheall ar thacaíocht ó na páirtithe eile.[12] In 2014 a chuir rialtas na hAlban bille roimh Pharlaimint na hAlban chun an pósadh comhghnéis a chur isteach sa dlí; ní raibh an Páirtí Coimeádach i rialtas na hAlban ag an am sin, ach sa vóta parlaiminte, vótáil 7 mball ar son an bhille, agus 8 ina aghaidh.[13]
Ceisteanna EileCuir in Eagar
Bhí ceisteanna éagsúla eile faoi chaibidil i rith na tréimhse seo chomh maith. Ina n-áireamh siúd bhí: ardú i dtáillí ollscoile Shasana i 2010; scannal na haiceálta gutháin i 2011; ceist na hinimirce ón Rómáin agus ón mBulgáir i 2013; gealltanas de chuid David Cameron ar reifreann ar bhallraíocht an Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach; idirghabháil mhilíteach sa Libia agus san Iaráic – ach ní sa tSiria, tar éis cliseadh don rialtas i vóta parlaiminte – sna blianta 2013 agus 2014; reifreann ar neamhspleáchas na hAlban, a socraíodh sa bhliain 2012 agus a tharla sa bhliain 2014, agus atheagrú ar an tSeirbhís Náisiúnta Sláinte a rinneadh le linn roinnt blianta amach as 2010. Rinne nó thosaigh an rialtas athchóirithe ar na córais sláinte agus slándáil shóisialta freisin, athchóirithe a tháinig i bhfeidhm thar tréimhse roinnt blianta
Olltoghchán 2015Cuir in Eagar
Faoi dheireadh, is breithiúnas maith a thug na vótóirí don pháirtí in olltoghchán na bliana 2015: d'ardaigh an páirtí a roinnt vóta ó 36.1% go 36.8%, agus a méid suíomhanna a bhí acu ó 306 go 331, fad is a chaill a bpairtnéirí, na Daonlathaigh Liobrálacha, beagnach dhá thrian a ranna vóta féin.[14] Tar a éis seo, tháinig an páirtí in ann dul i rialtas ina n-aonar, an socrú a chruthaigh rialtas na Breataine idir 2015 agus 2017.
I rialtas na Ríochta Aontaithe 2015-2017Cuir in Eagar
Féach freisin: Breatimeacht
Tar éis Olltoghcháin 2015, ba é gealltanas an pháirtí de reifreann ar an Aontas Eorpach a d'éirigh ina phríomhfhócas don rialtas. Shocraigh David Cameron, a bhí ar son fanachta san Aontas, an reifreann a dhéanamh sa bhliain 2016, de rogha ar tairiscintí eile go ndéanfaí í sa bhliain 2017, mar gur thuairimítí go gcabhródh feachtas gairid leis an taobh 'fanacht'. Rinne lucht fanachta sa pháirtí rogha leis an bhfeachtas a ghiollú bunaithe ar an damáiste eacnamaíochta arbh eagla go ndéanfaí dá n-imreodh an Ríocht Aontaithe den Aontas, fad is a roghnaigh lucht imeachta sa pháirtí a bhfeachtas-sa a bhunú ar easpa airithe den daonlathas san Aontas, a gcuid mhaoímh féin go gcabhródh an 'Breatimeacht' leis an ngeilleagar, agus ar imnithe faoin inimirce de thíortha eile san Aontas, nó ó thíortha iarrthóra don Aontas.[15][16] Bhí an páirtí an-scoilte i rith an reifrinn: sa pháirtí parlaiminteach, thacaigh 185 feisire le 'fanacht', i gcomórtas le 138 leis an taobh 'imeacht'[17]. Faoi dheireadh, b'é an taobh 'imeacht' a thug an reifreann leo, le 51.9% den vóta, agus 58% na ndaoine a vótáil ar son na gCoimeádach i 2015 agus a vótáil sa reifreann seo ag vótáil ar son imeachta.[18] Cé go ndúirt Cameron roimh an reifreann nach n-éireodh sé as mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí dá gcaillfeadh sé, d'fhógair sé a éirí as mar Phríomh-Aire agus Ceannaire an Pháirtí an lá tar éis an reifrinn[19].Thosaigh comórtas ceannais ina dhiaidh seo, ach shocraigh feisirí Westminster an pháirtí gur Theresa May, Aire Gnóthaí Baile go dtí sin, a d'éireodh ina ceannaire páirtí agus ina Príomh-Aire sula raibh vótáil ag baill an pháirtí ar an gceist.
An samhradh díreach i ndiaidh an olltoghcháin, samhradh 2016, rinne an rialtas roinnt athruithe eacnamaíochta chomh maith. Ina measc sin, d'fhógair an Seansailéir, George Osborne, go n-ardódh siad an ráta pá íosta go £7.20 san uair amach as Aibreán 2016, agus go dtí £9.00 faoin mbliain 2020.[20] D'fhógair siad roinnt gearrúchán don chóras de chreidmheasaí cánach ag an am céanna; i ndiaidh brú ó fheachtasóirí a dúirt go ndéanfadh an t-athrú sin barraíocht dochair do na daoine is boichte, áfach, lagaigh an rialtas na gearrúcháin seo. Ina theannta sin, d'fhógair siad ísliú breise i ráta cánach na gcomhlachtaí, ó 20% ag an am sin go dtí 18% faoi 2020.[5][20]
Olltoghchán 2017 go dtí deireadh cheannasaíocht MayCuir in Eagar
I ndiaidh Olltoghchán 2017, shocraigh an Páirtí Coimeádach margadh muinín-agus-soláthar leis an bPáirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) le tromlach a fháil i Westminster do na vótáilí eochracha, nós na mbuiséad. Mar chuid den mhargadh seo, fuair an DUP gealltanas ón bpáirtí £1 billiún breise caithimh a dhéanamh i dTuaisceart Éireann, in infheistíocht i gcúrsaí sláinte, oideachais agus infreastruchtúir.[21] Spreag an margadh seo cáineadh ó roinnt polaiteoirí sa Bhreatain Mhór, a bhí neamhshásta le seasaimh an DUP ar cheisteanna na bhfoircheannadh toirchis agus an phósta chomhghnéis. Mar thoradh air seo, d'aontaigh an rialtas an ginmhilleadh a chur ar fáil do mhná as Tuaisceart Éireann ar Sheirbhís Náisiúnta Sláinte Shasana gan a bheith orthu íoc as, tar éis gur mhol feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, Stella Creasy, leasú ar an Queen's Speech (rún parlaiminte a léiríonn pleananna an rialtais don bhliain le teacht, agus a mheastar go ginearálta mar rún muiníne ar an rialtas) a chuirfeadh an rud díreach céanna sa dlí.[22][23][24]
An 13ú Samhain 2018, d'fhógair Theresa May go raibh margadh Breatimeachta socraithe idir í agus lucht idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh[25] : ba ghá go vótálfadh Parlaimint na Ríochta Aontaithe (chomh maith le Parlaimint na hEorpa) ar a shon chun go ndeachadh sé i bhfeidhm. An lá ina dhiaidh, shocraigh Caibinéad na Ríochta Aontaithe a dtacaíocht a thabhairt don mhargadh. D'éirigh an margadh seo ina ábhar mór conspóide laistigh den pháirtí, áfach, agus mórán ball ina aghaidh. I Mí na Nollag 2018, chuir roinnt feisirí parlaiminte ar an eite dheis, Eoraisceipteach den pháirtí rún neamhmhuiníne in Theresa May mar cheannaire den pháirtí Coimeádach síos, mar gheall ar a dtuairim siúd go raibh an margadh seo ró-Eoraifilí; i Mí Eanáir, vótáil Teach na dTeachtaí i gcoinne an mhargaidh, agus níos mó ná trian d'fheisirí an pháirtí i measc na bhfeisirí a vótáil ina choinne. I Mí Feabhra, d'imigh triúr feisirí ar eite Eoraifileach an pháirtí, Anna Soubry, Sarah Wollaston agus Heidi Allen, den pháirtí mar gheall ar a neamhshástacht le tionchar na n-Eoraisceipteach laistigh den pháirtí. D'aontaigh siad le hochtur feisirí a bhí imithe de Pháirtí an Lucht Oibre chun grúpa polaitiúil nua a chur ar bun, a raibh 'The Independent Group' ('an grúpa neamhspleách') mar ainm air.
I Mí na Bealtaine 2019, tar éis don pháirtí a theacht sa chúigiú háit sa Ríocht Aontaithe i dtoghchán Eorpach 2019, agus gan ach 9% den vóta buaite acu, d'fhógair May go n-éireodh sí as mar cheannaire an pháirtí agus mar phríomh-aire ar an tír i Mí Meithimh. Roghnaigh an páirtí ceannaire nua i bpróiseas a mhair mí amháin ag tosú 10ú Mí Meithimh, iad ag roghnú Boris Johnson faoi dheireadh. Mar sin, d'éirigh seisean ina phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe ag deireadh Mí Iúil.
Ceannasaíocht Johnson agus Olltoghchán 2019Cuir in Eagar
I Mí Dheireadh Fómhair 2019, shocraigh rialtas na Ríochta Aontaithe agus lucht idirbheartaíochta an Aontais Eorpach margadh nua Breatimeachta. Chuir an rialtas bille chun ceadú leis an margadh seo isteach i dTeach na dTeachtaí, ach tar éis don Teach leasú a chur air chun tabhairt ar an rialtas síneadh ama eile a iarraidh ar an Aontas Eorpach mura socrófaí an Breatimeacht roimh 31ú Mí na Samhna, tharraing an rialtas an bille den Teach. Ina ionad sin, shocraigh an rialtas iarracht a dhéanamh olltoghchán a ghlao, beartú ar ghlac an dá thrian riachtanach de Theach na dTeachtaí leis. Mar sin, tharla olltoghchán sa Ríocht Aontaithe ar 12ú Nollaig na bliana sin.
San olltoghchán sin, b'é príomhmhana an pháirtí ná "Get Brexit Done. Unleash Britain's Potential", agus iad ag maíomh gurb í an dóigh is fearr leis an Breatimeacht a fhíorú go tapa ná tromlach a thabhairt don Pháirtí Coimeádach i dTeach na dTeachtaí.[26] I ndeireadh an scéil, bhuaigh an páirtí tromlach i dTeach na dTeachtaí, iad ag baint amach 365 shuíomh as na 650 cinn a bhí le fáil, le 43.6% de na guthanna, agus mar sin fuair siad mandáid eile cúig bliana leis an tír a rialú.
An páirtí in AlbainCuir in Eagar
Tá Páirtí Coimeádach na hAlban ar an dara páirtí is mó i bParlaimint na hAlban. Cuireann an páirtí in Albain béim mhór ar a chuid creideamh aontachtach, agus meastar de réir a chéile go bhfuil an páirtí méid áirithe níos faide ar chlé ar cheisteanna eacnamaíochta in Albain ná mar atá i gcodanna eile na Ríochta Aontaithe. Fuair an páirtí 31 tsuíochán as 129 gcinn a bhí le fáil i bParlaimint na hAlban sa toghchán is déanaí, i 2021. Douglas Ross atá mar cheannaire an pháirtí.
An páirtí sa Bhreatain BheagCuir in Eagar
Tháinig an páirtí sa dara háit sa toghchán is déanaí, sa bhliain 2021, do Sheanad na Breataine Bige. Tá dearcadh láidir aontachtach ag an bpáirtí sa Bhreatain Bheag chomh maith.
An páirtí i dTuaisceart ÉireannCuir in Eagar
Eagraíonn an páirtí fosta i dTuaisceart Éireann, cé nach ach páirtí an-bheag atá ann ansin, agus dearcadh aontachtach acu. I dtoghchán Tionóil na bliana 2017, fuair an páirtí 2,399 vóta céad rogha, nó 0.3% den iomlán. Alan Dunlop atá ina chathaoirleach ar an bpáirtí. I láthair na huaire, níl aon ionadaí tofa ag an bpáirtí ag leibhéal rialtais ar bith.
PobalbhreitheannaCuir in Eagar
Ó tharla Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2019, is idir 14% agus 54% de dhaoine sa Bhreatain Mhór a deir go vótálfaidís ar son an pháirtí dá mbeadh olltoghchán an lá amárach.[27][28]
Féach freisinCuir in Eagar
- Coimeádachas
- Páirtí an Lucht Oibre (Ríocht Aontaithe)
- Páirtí Daonlathach Liobrálach
- Páirtí Neamhspleáchais na Ríochta Aontaithe
- Páirtí Glas Shasana agus na Breataine Bige
- Páirtí Náisiúnta na hAlban
- Plaid Cymru
- Brexit Party
- Aontachas Éireannach
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 http://www.nuffieldfoundation.org/sites/default/files/files/RR04_SUMMARY.pdf
- ↑ https://www.economicshelp.org/blog/334/uk-economy/uk-national-debt/
- ↑ "Conservative Party Manifesto - General Election 2010". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-01-04.
- ↑ "Osborne increases VAT rate to 20%" (en-GB). BBC News (2010-06-22). Dáta rochtana: 2018-10-22.
- ↑ 5.0 5.1 Stuart Adam (2015). "Tax Measures" (Béarla). Institute for Fiscal Studies. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-10-11. Dáta rochtana: 28/11/2018.
- ↑ Holly Watt (2010-06-23). "Budget 2010: Corporation tax cut to record low" (en-GB). Dáta rochtana: 2018-10-22.
- ↑ "Have the Conservatives brought in £70 billion worth of tax cuts?". Full Fact. Dáta rochtana: 2018-10-22.
- ↑ "George Osborne slashes 50% top tax rate" (en-GB). The Independent. Dáta rochtana: 2018-10-22.
- ↑ Simon Rogers (2011-05-06). "AV referendum results, mapped and listed" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Electoral Commission | 2011 UK referendum on the voting system used to elect MPs - results" (en-GB). www.electoralcommission.org.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-01-20. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Government proposes introducing gay marriage after Cameron intervention · PinkNews" (2016-03-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-04. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Marriage (Same Sex Couples) Bill — Second Reading — 5 Feb 2013 at 18:52 — The Public Whip" (2016-03-23). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-23. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ Parlaimint na hAlban (04/02/2014). "Official Report - Meeting of the Parliament, Tuesday 4th February 2014" (as Béarla): 27390-27391.
- ↑ "2015 UK General election results, manifestos | UK Political Info" (en). www.ukpolitical.info. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-10. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Britain Stronger In Europe" (en). Britain Stronger In Europe. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-21. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "ABOUT - Leave.EU" (en-GB). Leave.EU. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-07-11. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ https://www.bbc.co.uk/news/uk-politics-eu-referendum-35616946
- ↑ http://lordashcroftpolls.com/2016/06/how-the-united-kingdom-voted-and-why/
- ↑ http://www.rte.ie/news/nuacht/2016/0628/798663-cameron-le-buaileadh-le-ceannairi-na-heorpa-inniu
- ↑ 20.0 20.1 Larry Elliott, Patrick Wintour (2015-07-09). "Budget 2015: Osborne hopes minimum wage increase will soften welfare cuts" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-11-28.
- ↑ "Margadh déanta idir an DUP agus an Páirtí Caomhach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Ginmhilleadh? Pósadh comhghnéis? Acht Gaeilge? Saol corrach i ndán don DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "NI women to get free abortions in England" (en-GB). BBC News (2017-06-29). Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ Jessica Elgot, Henry McDonald (2017-06-29). "Northern Irish women win access to free abortions as May averts rebellion" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-20.
- ↑ "Cruinniú éigeandála ag Rialtas na Breataine agus a margadh Breatimeachta déanta ag May" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2018-11-29.
- ↑ "Vote Conservative | Get Brexit Done | Unleash Britain's Potential" (en-gb). vote.conservatives.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-23. Dáta rochtana: 2019-11-20.
- ↑ "2022 General Election Polls - Election Polling". www.electionpolling.co.uk. Dáta rochtana: 2019-02-23.
- ↑ "UK Polling Report". ukpollingreport.co.uk. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-10-17. Dáta rochtana: 2018-10-20.