Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2017
Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2017 ar an 8 Meitheamh 2017.
Ní bhuaigh aon pháirtí formhór de na suíocháin. Ach fuair An Páirtí Coimeádach an líon is mó de na suíocháin. Rinne na Tóraithe margadh ansin (tugadh "muinín-agus-soláthar" air) leis an DUP, páirtí coimeádach Tuaisceart-Éireannach, chun rialtas den eite dheis a chur ar bun.