Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba
Is páirtí polaitíochta Albanach é Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba (Gaeilge: Páirtí Náisiúnta na hAlban, Béarla: The Scottish National Party nó SNP; Albainis: Scottis Naitional Pairtie) atá lonnaithe sa lár-chlé ar speictream na polaitíochta, chomh maith le bheith sóisialta-daonlathach ón taobh eacnamaíochta, agus stocaireacht a dhéanamh ar son neamhspleáchas na hAlban ón Ríocht Aontaithe.
Pàrtaidh Nàiseanta na h-Alba Scottish National Party Scottis Naitional Pairtie | |
Ceannasaíocht | Nicola Sturgeon |
Bunaithe | 1934 |
Ceanncheathrú | Dún Éideann |
Idé-eolaíocht | Ar chlé ón lár, neamhspleáchas |
Cleamhnas | European Free Alliance |
Dathanna | Buí |
Gréasáin | www.snp.org |


Tá an páirtí ar an aon pháirtí amháin i rialtas na hAlban (sa bhliain 2021), é ag rialú mar rialtas mionlach le tacaíocht ón bPáirtí Glas, agus 64 suíochán acu as na 129 ceann atá i bParlaimint na hAlban.[1]
StairCuir in Eagar
Ina 11 bliana i rialtas ó 2007, tá taifead ag an bpáirtí de mhaoiniú poiblí a chosaint agus a ardú[2], fad is go bhfuil roinnt gearracháin chánacha a thug rialtas na Ríochta Aontaithe isteach sa chuid eile den Ríocht a roghnaigh an páirtí gan a thabhairt isteach in Albain.
I ndiaidh dóibh tromlach a bhaint amach i bParlaimint na hAlban sa bhliain 2011, d'iarr siad ar rialtas na Ríocht Aontaithe reifreann ar neamhspleáchas na hAlban a rith. Ba é an móramh glan a bhí ag an SNP in 2011 a thug fuinneamh don reifreann neamhspleáchais sa bhliain 2014.[3] Ghiollaigh an páirtí an feachtas ar son an neamhspleáchais; faoi dheireadh, chaill siad an reifreann ar 18 Meán Fómhair 2014 agus 45% den vóta buaite acu.
Rinne an páirtí feachtas ar son 'fanacht' i reifreann Breatimeachta na bliana 2016, agus is é polasaí oifigiúil an páirtí gur cheart go mbeadh Albain neamhspleách ina ball den Aontas Eorpach.[4]
Ar 28ú Márta 2017, vótáil Parlaimint na hAlban (Páirtí Neamhspleáchas na hAlban agus Páirtí Glas na hAlban i bhfabhar ar an mbille) cead a iarraidh ó rialtas na Ríochta Aontaithe reifreann eile a reáchtáil ar an gceist chéanna.[5][6]
Sa bhliain 2019, bhí 45 mball de Theach na dTeachtaí (teach íochtarach Pharlaimint na Ríochta Aontaithe) ag an bpáirtí, as na 59 ball ar fad a dhéanann ionadaíocht ar son na hAlban, é sin á gcur ar an triú páirtí is mó i dTeach na dTeachtaí.
Toghchán 2021Cuir in Eagar
129 suíochán a bhí le líonadh: bhuaigh an SNP 64 suíochán, fuair na Caomhaigh 31 suíochán agus 22 suíochán a bhí ag Páirtí an Lucht Oibre. Ocht suíocháin a bhí ag na Glasaigh agus ceithre cinn a bhí ag na Daonlathaithe Liobrálacha.[3]
Bhunaigh an SNP rialtas mionlaigh le tacaíocht na nGlasach – an socrú céanna a bhí ann roimh Toghchán 2021.
Bhí an páirtí suíochán amháin gann ar thromlach iomlán i ndiaidh na vótála, ach dúirt Sturgeon gur léir gurb é “toil na ndaoine” go mbeadh an dara reifreann faoin neamhspleáchas ann.
Reifreann IICuir in Eagar
Cé gur glacadh leis gur deis aon uaire a bhí i reifreann neamhspleáchais na bliana 2014, maíonn an SNP inniu go bhfuil an Ríocht Aontaithe athraithe ó bhonn anois de bharr an Bhreatimeachta.[7] Vótáil 62% de phobal na hAlban in éadan an Bhreatimeachta. Táthar ag maíomh anois go mb’éigean dóibh an tAontas Eorpach a fhágáil in éadan a dtola.
Tá sé ráite arís is arís eile ag Boris Johnson nach gceadóidh sé reifreann eile ar ór ná airgead. Ach tá reifreann gan beannacht ó Westminster, nó gan údarás idirnáisiúnta, faoi mar a tharla sa Chatalóin, curtha as an áireamh ag Nicola Sturgeon. Rithfidh an SNP bille um reifreann, b'fhéidir, i Holyrood (Taigh an Ròid) sna blianta beaga amach romhainn agus ina dhiaidh sin beidh orthu é a chosaint i ndúshláin chúirte.[7] Chiallódh sé sin go mbeadh ar Bhoris Johnson dúshlán na reachtaíochta a ghlacadh i gCúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe.
Féach FreisinCuir in Eagar
Naisc SheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 "Scotland Election 2016 News - BBC News" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2021-09-20.
- ↑ "Fact check: All 19 claims in the SNP's latest party political broadcast" (en-GB). The Ferret (2018-01-31). Dáta rochtana: 2018-10-25.
- ↑ 3.0 3.1 "Aisling an neamhspleáchais fós beo in Albain tar éis an toghcháin" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021). Dáta rochtana: 2021-09-20.
- ↑ "What is the SNP’s position on the EU? — Scottish National Party" (en-US). Scottish National Party (2015-11-25). Dáta rochtana: 2018-10-26.
- ↑ "Scottish independence referendum: final results in full" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2018-10-26.
- ↑ "Scottish Parliament backs referendum call" (en-GB). BBC News (2017-03-28). Dáta rochtana: 2018-10-26.
- ↑ 7.0 7.1 "Muintir na hAlban ag dul chun na botháin vótála ar lá cinniúnach don ‘neamhspleáchas’" (ga-IE). Tuairisc.ie (6 Bealtaine 2021). Dáta rochtana: 2021-09-20.