Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019
Reáchtáladh Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019 sa Ríocht Aontaithe ar 12ú Mhí na Nollag 2019. Buaigh an páirtí 365 ceann de na 650 suíomh a bhí le fáil i dTeach na dTeachtaí, agus 44% de na guthanna.
Olltoghchán na Ríochta Aontaithe, 2019 | |
---|---|
← 2017 2024 → | |
Am | 12 Nollaig 2019 |
Cineál | Olltoghchán na Ríochta Aontaithe agus toghchán tobann |
Oifig le buachan | 650 Feisire Parlaiminte (An Ríocht Aontaithe) |
Líon daoine a vótáil | |
Daonra | 67,530,172 |
Toradh vótála | |
Feachtas
cuir in eagarCuireadh an reachtaíocht maidir le holltoghchán a cheadú sa Bhreatain i mí na Nollag faoi bhráid Theach na dTiarnaí ar 30 Deireadh Fómhair 2019.[1]
Bhí tromlach glan tugtha ag pobal na Breataine do Pháirtí Caomhach an Phríomh-Aire Boris Johnson. Os cionn 360 suíochán a bhuaigh na Tóraithe san olltoghchán - gaisce nach ndearnadh ón mbliain 1987.[2]
Bhí Jeremy Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre cloíte. Ach bhí gaoth úr faoi sheolta Pháirtí Náisiúnta na hAlban a bhuaigh beagnach 50 suíochán. Éileoidh Nicola Sturgeon an dara reifreann ar neamhspleáchas na hAlban.
Dúirt an Príomh-Aire caithréimeach, Boris Johnson, go raibh sainordú láidir tugtha ag an bpobal dó "Breatimeacht" a chur i gcrích.
Rinne Leo Varadkar comhghairdeas le Boris Johnson as ollbhua na dTóraithe.[3][4][5]
Tuaisceart Éireann
cuir in eagarDen chéad uair riamh sa Tuaisceart, bhí níos mó suíochán ag náisiúnaithe ná aontachtaithe.
18 suíochán a bhí le líonadh sa Tuaisceart do Pharlaimint Westminster. Fuair an PAD 8 suíochán, Sinn Féin 7 gcinn, an PSDLO dhá shuíochán agus ceann amháin a fuair Páirtí na Comhghuaillíochta.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Reachtaíocht faoi olltoghchán sa Bhreatain le rith inniu" (as ga) (2019-10-30).
- ↑ Ciarán Lenoach (2019-12-12). "Tromlach glan ag na Tóraithe - bua rábach" (as ga).
- ↑ "Creathadh bainte as ‘plátaí teicteonacha’ na polaitíochta ó thuaidh – an Taoiseach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-13.
- ↑ "Amhras ar an Tánaiste faoi chinneadh Boris Johnson" (as ga) (2019-12-17).
- ↑ "Bua Johnson tréaslaithe leis ag an Taoiseach" (as ga) (2019-12-13).