Is éard atá i gceist i reifreann ná ceist á cur faoi bhráid an phobail go léir lena mbreith a fháil go díreach uirthi,[1] nó go hiondúil in Éirínn, vótaíocht bhunreachtúil ar bheart arna moladh ag comhlacht reachtach is ea.[2]

Reifreann

Reifrinn in Éirínn

cuir in eagar

Bíonn fadhb mhór go minic suim an phobail in Éirinn i reifrinn a spreagadh. D’éirigh go han-mhaith leis na feachtais sna reifrinn ar an bpósadh comhghnéis agus ar an ochtú leasú nó ceist an ghinmhillte, mar go mba cheisteanna iad a spreag tuairimí agus mothúcháin an-láidir i measc daoine.[3]

De ghnáth caitheann timpeall 60% vóta i dtoghchán agus d’fhéadfadh an líon daoine a thagann amach a bheith chomh hard le 68 nó 69%. Ní hamhlaidh i gcás reifrinn. In 2015, tháinig 61% den phobal amach le vótáil sa reifreann ar an bpósadh comhghnéis agus chaith 64% a vóta sa reifreann leis an ochtú leasú a scriosadh as an mBunreacht. ‘Réabhlóid chiúin’ a thug an Taoiseach ar thoradh an reifrinn sin ag an am.

Ní bhíonn a leithéid de réabhlóid ann de ghnáth nuair a bhíonn reifreann i gceist. Níor chaith ach 34% den phobal a vóta sa reifreann ar chearta an linbh in 2012.  39% a chaith a vóta sa reifreann le fáil réidh le Seanad Éireann. I gcás na gconarthaí Eorpacha bíonn líon na vótóirí íseal freisin (ach amháin nuair a iarrtar orainn breithiúnas a thabhairt den dara huair).[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "An Foclóir Beag: reifreann" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-02-23.
  2. ""reifreann"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-04-09.
  3. 3.0 3.1 Máirín Ní Ghadhra (28 Eanáir 2024). "An baol ann nach spreagfar dóthain suime sa phobal i gceachtar reifreann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-02-23.