An tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann

Cuireadh cearta beatha na gine sa bhroinn ar chomhchéim le cearta beatha na máthar leis an Acht um an Ochtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann. In éifeacht, chuir an leasú seo cosc ar ghinmhilleadh in Éirinn. Bhí sé mídhleathach ach amháin sa gcás go raibh saol na máthar i mbaol, baol féinmharaithe san áireamh.[1][2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn tOchtú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann
Cineálreifrinn in Éirinn
leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana7 Meán Fómhair 1983 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Savita Halappanavar Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
2018 Aisghairm
2018 An Séú Leasú is Tríocha ar Bhunreacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata


2018

Glacadh leis an Acht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983 le reifreann ar an 7 Meán Fómhair 1983. 

Athruithe ar théacs an Bhunreachta cuir in eagar

Cuireadh fo-alt isteach i ndiaidh Roinn 3 d'Airteagal 40 leis an Leasú seo:

"Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach lena dhlíthe ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint is a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é."[1] Curtha i gcartlann 2016-02-09 ar an Wayback Machine

2012/2013 cuir in eagar

De bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar sa bhliain 2012, chuir reachtaíocht nua le chéile, an Bille um Chosaint na Beatha le linn Toirchis (2013). "Ach ait go leor, ní léir go sábhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita".[3]

Aisghairm cuir in eagar

 
Scannal Savita Halappanavar (a d'éag sa bhliain 2012)

Chinn an Rialtas ar 29 Eanáir 2018 go gcuirfí clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh in Éirinn.[4]

I reifreann ar an 25 Bealtaine 2018, vótáil muintir na hÉireann (66% i bhfabhar agus 34% i gcoinne) chun an tOchtú Leasú a aisghairm.[5] Glacadh leis an mBille um an Seú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018. D'fhonn na forálacha atá leagtha síos in Airteagal 40.3.3 den bhunreacht a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina háit:

"Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil."

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar