13ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann

Achtaíodh an 13ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann ar an 23 Nollaig 1992.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Imeacht13ú Leasú ar Bhunreacht na hÉireann
Cineálreifrinn in Éirinn
leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIrish constitutional referendums, November 1992 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Samhain 1992 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharginmhilleadh Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Tugadh cead do mhná in Éireann taisteal thar lear chun ginmhilleadh a fháil

Ag an am, bhí Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht ag tarraingt conspóid, a mhaígh, ‘Admhaíonn an Stát ceart na mbeo gan breith chun a mbeatha agus, ag féachaint go cuí do chomhcheart na máthar chun a beatha, ráthaíonn sé gan cur isteach ar an gceart sin agus ráthaíonn fós an ceart sin a chosaint agus a shuíomh lena dhlíthe sa mhéid gur féidir é.

Ar 5 Márta 1992, thug an Chúirt Uachtarach breith "Cás X",[2] cás éigniú cailín 14 ½ bliana d’aois. Bhí sí ag iarraidh taistil go dtí an Bhreatain le ginmhilleadh a fháil. Bhí fianaise ann go raibh baol láidir go raibh an cailín ag smaoineamh ar lámh a chur ina bás féin de bharr an thoirchis. Bhí an AG ag lorg urghaire le stop a chur le aon taisteal thar lear de bharr 40.3.3.

Chinn móramh an Chúirt go raibh ceart an mháthair chun taisteal thar lear, in easpa baol ar an saol aici, níos ísle ná ceart an beo gan breith chun beatha  Sa bhreis ar sin chinn an móramh go mbeadh an Chúirt in ann urghaire a chur ar bhean thorrach gan taisteal thar lear.

Agus é seo ar fad ag tarlú, tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm in 1992. Agus bhí tionchar láidir ag teacht ón Chúirt Eorpach um Chearta an Duine (CECD). Ba léir go mbeadh leasú eile ag teastáil.[3]

Rinne an 13ú Leasú soiléiriú, a mhaígh, ‘Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun taisteal idir an Stát agus stát eile'. Mar sin, bhí cead ag mná dul thar lear chun deireadh a chur le toircheas.

Ritheadh an 14ú Leasú ar an mBunreacht ag an am céanna, a mhaígh, ‘Ní theorannóidh an fo-alt seo saoirse chun faisnéis a fháil nó a chur ar fáil sa Stát maidir le seirbhísí atá ar fáil go dleathach i stát eile ach sin faoi chuimsiú cibé coinníollacha a leagfar síos le dlí.’ Mar sin tugadh cead do mhná taisteal thar lear chun faisnéis a fháil faoi sheirbhísí taobh amuigh den Stát, d'ainneoin cheart na mbeo gan breith.

Ar an lá céanna, dhiúltaigh an lucht vótála leis an Dóú Leasú Déag go raibh ag iarraidh láidriú a dhéanamh ar an gcosc ar ghinmhilleadh trí bhaol ar tsláinte mná seachas baol ar shaol mná a rialú amach.

36ú Leasú

cuir in eagar

Sa bhliain 2018, tháinig an 36ú Leasú in áit an 8ú, 13ú agus 14ú. Cuireadh clásal nua in áit Airteagal 40.3.3 den Bhunreacht, nó an t-ochtú leasú mar a thugtar air go coitianta, a chuirfeadh ar chumas an Oireachtais reachtaíocht a thabhairt isteach a cheadódh ginmhilleadh in Éirinn,[4] clásal a mhaígh, ‘Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil’.[5]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. "electronic Irish Statute Book (eISB)" (en). www.irishstatutebook.ie (1992). Dáta rochtana: 2023-12-23.
  2. Attorney General v X, [1992] IESC 1; [1992] 1 IR 1
  3. S O'Conaill (Ph.D) (2013). "The Irish Language and The Irish Legal System: 1922 to Present". Dáta rochtana: 2023.
  4. tuairisc.ie (2018). "cinneadh-deanta-ag-an-rialtas-reifreann-a-ghairm-faoin-ochtu-leas". Dáta rochtana: 2018.
  5. Cathal Mac Coille (24 Bealtaine 2018). "Lucky you! Cúis áthais é go bhfuil vóta againn i reifreann amárach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-23.